Gnóthaí de chineál difriúil i saol polaitiúil na Fionlainne
2017-09-01 18:20:39 -
Column
0
14888

Panu Höglund

Bhí ard-fheis ag dhá pháirtí i rith an t-samhraidh, na Fíor-Fhionlannaigh agus na Glasaigh. Ceapadh Touko Aalto ina chathaoirleach ar na Glasaigh, fear nach bhfuil ach cúpla bliain thar an tríocha slánaithe aige, agus tharraing sé callán áirithe sna nuachtáin ina dhiaidh sin, ó tháinig chun solais go raibh tús curtha le himeachtaí colscartha ag a bhean chéile nach raibh sé pósta air ach le dhá bhliain anuas; nó bhí cumann grá ag Aalto le bean óg ceithre blian is fiche a bhí ag obair in oifigí an pháirtí, agus ba é sin ba chúis leis an gcolscaradh.

 

Ar ndóigh rinne na Fíor-Fhionlannaigh an-iarracht lena sult a bhaint as an eachtra chraicinn seo ina bpreasorgán. Níl ann ach casadh an chorcáin leis an gciteal, áfach, nó i ndiaidh a nArd-Fheise siúd – an Ard-Fheis a d’fhág scoilt ar an bpáirtíchuaigh dhá scéal den chineál chéanna timpeall a raibh baint acu leis an bpáirtí: scéal amháin faoi Jussi Halla-aho agus an scéal eile faoi Simon Elo.

 

Ba é Jussi Halla-aho a toghadh ina chathaoirleach ar na Fíor-Fhionlannaigh le linn na hArd-Fheise. Blagscríbhneoir a bhí ann ar dtús agus é ag aistriú bolscaireacht na mblaganna ‘alt-right’ go Fionlainnis; ansin chuaigh seisean agus lucht a leanúna – agus iad chomh humhal dó is gur minic a dhealraítear le zombaithe nó le róbait iadi seilbh na bhFíor-Fhionlannach le meaisín polaitiúil dá gcuid féin a dhéanamh den pháirtí seo

 

Ó choinnigh Halla-aho smacht beagnach míleata ar a chuid cúlaistíní, ní raibh siad i bhfad ag déanamh na forghabhála seo, agus nuair a d’imigh Timo Soini, an fear a bhunaigh an páirtí, le post an chathaoirligh a fhágáil ag Halla-aho, ba é séala deiridh na forghabhála céanna é.

 

Ós bolscaire ciníoch é Halla-aho a aithníos gach áiméar maith le caitheamh anuas ar na Muslamaigh, chonaic muid é ag iarraidh ceist an pholagamais i measc na Muslamach a ardú lena leas polaitiúil a bhaint aisti. I ndiaidh na hArd-Fheise áfach, nochtadh go raibh sé féin ag cleachtadh polagamais faoi choim.

 

Saineolaí ar an tSean-Slaivis Eaglasta é Halla-aho, agus is taighdeoir seanteangacha í a bhean chéile chomh maith. Mar sin bhí íomhá air mar pholaiteoir a raibh meas aige ar bhean intleachtúil agus ar chearta na mban, agus na liarlóga caidéise breá sásta cuidiú leis ag cruthú is ag cothú na híomhá seo. Anois áfach chuala muid go raibh cumann craicinn faoi rún aige le bean óg le roinnt mhaith blianta anuas, agus, fiú, leanbh aige leis an mbean seo.

 

An bhean óg seo níor chuala an saol mór iomrá uirthi le fada an lá ach nuair a chuala, tá cúig éigin bliana ó shin, bhí sí ag fógairt nach ndeachaigh cearta na mban chun leasa do na mná féin agus go mba chóir a sheanphribhléidí a thabhairt ar ais don fhear céile, ionas go mbeadhi dteideal a bhean a bhualadh agus dualgas uirthise aird a thabhairt ar a chuid orduithe. Is léir mar sin cén fáth ar thug sise taitneamh do Halla-aho, agus is ríléir cén fáth ar thit Halla-aho i ngrá léi.

 

Nuair a tháinig scoilt ar pháirtí na bhFíor-Fhionlannach i ndiaidh na hArd-Fheise, agus cuid mhór de na Feisirí chomh míshásta le Halla-aho mar chathaoirleach is go bhfuair siad riachtanach slán a fhágáil ag an bpáirtí, ba é Simon Elo a chuaigh i gceannas ar an bhfaicsean nua – ”An Mhalairt Nua” an chéad ainm a tugadh air. Fear réasúnta óg Elo a bhfuil cúntanós an scoláire chiúin chúthail air, agus é ina choimeádach reiligiúnach thar aon rud eile. Ní féidir a rá go mbeadh mórán mealltachta nó carasma ag baint leis.

 

Anois áfach chuala muid go raibh cumann grá seachphósta ag Elo féin, rud is deacair a shamhlú le fear óg a bhfuil cuma chomh héigiontach air. Is deacair gan an cheist a chur, an bhfuil an bhlióg bhocht seo ag déanamh na fírinne; nó an ea nach bhfuil ann ach iarracht le próifíl an pháirtí nua a ardú. Tá sí an-íseal i gcónaí, chomh rite is atá sé ag dul leis an Malairt Nua a shainiú cad é an rud nua a bhaineas leo, i gcomparáid leis na páirtithe eile ar fad, agus leis na Fíor-Fhionlannaigh chiníocha thar aon cheann eile. Is doiligh páirtí ciníochais a choinneáil ag imeacht gan chiníochas.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.



TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook