Ní féidir leat a bheith i do choimeádach agus i do Ghaeilgeoir
2017-08-15 04:45:47 -
Immigration
2
12631

An Outside View/Léargas Taobh Amuig - Panu Höglund


An uair seo is mian liom cúpla focal a bhreacadh síos faoi chúrsaí na hÉireann, go háirithe an dóigh ar chaill Kevin Myers a phost mar cholúnaí. Mé féin ní fhéadaim a bhréagnú gur ábhar áthais a bhí ann dom: mar is dual don ghníomhaí Gaeilge, ghlac mé col leis chomh túisce is a fuair mé amach go raibh a leithéid ann. Bhí a chuid barúlacha i dtaobh na Gaeilge bunaithe ar aineolas dubh dorcha – ba léir nach raibh a fhios ag an bhfear a dhath faoin dátheangachas mar ábhar taighde, faoin tsochtheangeolaíocht ná faoi theangeolaíocht de chineál ar bith, agus ní raibh sé in ann oiread is an frása is simplí a tharraingt chuige sa teanga féin gan é a chur as a riocht.

 

Is minic a deirtear gur dream pribhléidithe iad lucht na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, ós rud é gur baill de chuid ghluaiseacht na teanga a bhunaigh an Stát. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Is mionlach iad na Gaeilgeoirí, agus meas an mhionlaigh orthu ag lucht na cumhachta. Agus is ionann mionlach agus daoine nach fiú leis na maithe is na móruaisle aird a thabhairt orthu. Spéisiúil go leor má thagann gníomhaí Gaeilge in aon neasacht don chumhacht pholaitiúil in Éirinn is dual dó beag is fiú a dhéanamh don teanga, díreach mar a shílfeadh sé go gcuirfidh sé míchompord ar dhaoine eile má thriaileann sé cúis na Gaeilge a chur chun cinn. Ar bhealach cheapfá gur sórt homaighnéasachta í an Ghaeilge: rud nach nglacann daoine áirithe leis ar aon nós, rud a bhfuil cuid mhaith réamhbhreithiúnaisí aiféiseacha ag a lán eile féin ina leith.

 

Léiriú air sin an dóigh ar iompaigh Ciarán Ó Coigligh in aghaidh na teanga le déanaí. Seanghníomhaí Gaeilge é an Coiglíoch, fear coimeádach a rinne cion fir, nó cion cúpla fear b’fhéidir, le litríocht na teanga a chur chun cinn lena linn féin. Mar shampla réitigh sé don chló na haistriúcháin Ghaeilge a rinne Pádraig de Brún, lena linn, ar an Chóiméide Dhiaga agus ar an Odaisé. Bhain mé féin an-leas astu agus mé ag foghlaim na teanga, agus admhaím go bhfuil an-mhaitheas sna saothair seo don Ghaeilge. 

 

Inniu, áfach, d’imigh sin agus tháinig seo: tá an Coiglíoch go tréan in aghaidh Acht Teanga thuaidh, agus é ag comhoibriú leis an bPáirtí Daonlathach Aontachtach chun an tAcht sin a choinneáil as leabhar na reacht. Tá a fhios ag aon duine nach raibh fáilte ar bith ag an bPáirtí sin roimh an nGaeilge riamh, agus iad ag áitiú nach raibh inti riamh ach cód rúnda de chuid na sceimhlitheoirí, nó rud éigin cosúil leis sin. Mar sin, ní rachadh sé thar cheasaí a rá go ndeachaigh an Coiglíoch le naimhde na Gaeilge toisc nach bhfuil aon dream polaitiúil eile in oileán na hÉireann sách coimeádach dó – agus é sásta feall a dhéanamh ar chúis na teanga ar mhaithe lena chuid cairde nua.

 

Rud é seo is deacair a thuiscint, ach dealraíonn sé gur leid é don mheath a tháinig ar choincheap an choimeádachais féin le déanaí. Sna laethanta a bhí, bhí ciall dhearfach áirithe leis an bhfocal sin ”coimeádachas”. B’ionann é agus na seandlíthe, na sean-nósanna is na seantraidisiúin a choinneáil i bhfeidhm agus bheith dílis do do sheanchúis – do chúis na Gaeilge mar shampla. Ar na saolta seo áfach dealraíonn sé go bhfuil brí an fhocail féin athraithe: is é an dímheas ar na mionlaigh go léir an t-aon chiall atá fágtha ann. Mar sin ní féidir leat a bheith i do choimeádach agus i do Ghaeilgeoir san am chéanna, ós rud é gur mionlach iad na cainteoirí Gaeilge i sochaí na hÉireann.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Other Immigration News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook