An Outside View/Léargas Taobh Amuig: Väinö Linna: scríbhneoir náisiúnta na Fionlainne, nó Stailíneach?
2017-08-04 10:48:55 -
Immigration
3
10961
Panu Höglund

Is gnách dearcadh ar Väinö Linna mar scríbhneoir a chuir i míotar imeachtaí móra staire na Fionlainne san fhíchiú haois i bhfoirm úrscéalta. Bhain sé amach a cháil le Tuntematon sotilas, ”An Saighdiúir Anaithnid”, a chuir in aithne don léitheoir complacht meaisínghunnadóirí sa Dara Cogadh Domhanda, agus iad chomh beo is go mbíonn na Fionlannaigh ag tagairt dóibh mar a bheadh aitheantais phearsanta iontu. Ina dhiaidh sin tháinig Täällä Pohjantähden alla, ”Anseo faoin Réalta Pholach”, i gcló: sraith mhór eipiceach a chaitheas súil ar mhuintir Koskela, teaghlach Fionlannach agus na daoine ina dtimpeall, agus an cineál saoil atá acu i rith na fichiú haoise.

Inniu áfach tá iarracht ar siúl ag Erkki Vettenniemi Stailíneach a dhéanamh de Linna. Staraí é Vettenniemi a d’fhoilsigh beathaisnéis faoi Aleksandr Solzhenitsyn, an scríbhneoir easaontach Sóivéadach. Is tearc iad na cúiseanna atá ag Vettenniemi Stailíneachas a chur i leith Linna: go bunúsach níl ann ach go ndúirt Linna in aiste a scríobh sé sna seachtóidí go raibh an bholscaireacht fhrith-Shóivéadach an-láidir san Fhionlainn roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus gur féidir nár den chríonnacht é sin le taobhshúil ar éilimh an pholasaí eachtraigh. Tuairimí iad seo a bhí an-choitianta san Fhionlainn sna seachtóidí, agus ní raibh sí teoranta do na Stailínigh – is fíor gur fhlúirsigh siad in ollscoileanna na tíre san am.

Is í an cheist mhór anois, cén fáth a bhfuil Vettenniemi ag iarraidh an chéimíocht a bhaint den scríbhneoir náisiúnta. Sa leabhar a scríobh sé faoi Solzhenitsyn tá sé ag iarraidh an scríbhneoir Rúiseach a dhíolmhú ó gach criticeoireacht, agus é ag tabhairt le fios gurb é leagan Solzhenitsyn an fhírinne dhosháraithe faoi na campaí géibhinn san Aontas Sóivéadach. Dealraíonn sé nach dtugann sé aitheantas ar bith do Timothy Snyder agus Anne Applebaum, staraithe nach bhfuil clú an chumannachais orthu ar aon nós: tugann siadsan a cheart do Solzhenitsyn mar cheannródaí i scríobh staire na gcampaí Sóivéadacha, cé nach n-aontaíonn siad leis faoina lán mionphointí – go háirithe, tá siad barúlach go bhfuil figiúirí na marbh aige i bhfad níos airde ná an fhírinne.

Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil Vettenniemi ach ag iarraidh an forlámhas cultúrtha san Fhionlainn a sciobadh chuige agus chuig a leithéidí – an eite dheis antoisceach. Is beag leabhar scolártha faoi champaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh a haistríodh go Fionlainnis riamh, agus mar sin is furasta leis an bhFionlannach a shíleadh nach bhfuarthas locht ar bith ar shaothar Solzhenitsyn riamh. Mar sin is furasta le fanaiceach cosúil le Vettenniemi a mhí-úsáid féin a bhaint as scríbhinní an Rúisigh lena aidhmeanna polaitiúla a chur chun cinn.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund

TAGS :
Other Immigration News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook