An Outside View/Léargas Taobh Amuigh
2017-07-04 14:28:36 -
Opinion
0
11588
Panu Höglund

I dtús an t-samhraidh tháinig an páirtí a dtugtaí na bhFíor-Fhionlannach le chéile chun Ard-Fheise le cathaoirleach nua a thoghadh. Bhí Timo Soini – a bhunaigh an páirtí thiar sna nóchaidí – le héirí as a phost, agus cuid mhaith iarrthóirí ag féachaint le teacht i gcomharbas air, ach ba iad an bheirt ba thábhachtaí acu ná Jussi Halla-aho agus Sampo Terho. Go bunúsach ní raibh i gceachtar acu riamh ach ionadaí don eite dheis antoisceach atá ag teacht chun tosaigh sa pháirtí le tuairim is deich mbliana anuas.

Bhunaigh Soini an páirtí ar oidhreacht ár bpobalóra mhóir Veikko Vennamo, a bhí i gceannas ar shean-Pháirtí Tuaithe na Fionlainne sna blianta 1959-1979 agus a d’imigh an-tionchar ar chúrsaí an pháirtí ina dhiaidh sin féin. Fear ardléannta a bhí i Vennamo ach san am chéanna bhí sé in ann geáitsí an trudaire tuaithe a chur air féin le dul i gcion ar na vótóirí. 

Níor thaise do Soini é: rud tipiciúil é gur fhoilsigh sé leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal Maisterisjätkä, a chiallaíos ‘an jätkä ina Mháistir Ealaíon’ – is é is ciall don fhocal úd ‘jätkä’ ná lománaí, fear oibre foraoise, ach úsáidtear an focal sin sa chiall fearinniu. Tá blas an tuathánaigh ionraic inmhuiníne ar an bhfocal sin i gcónaí, áfach.

Bhí Soini riamh i gceannas ar lucht a leanúna ar nós an deachtóra, ach san am chéanna bhí na ciníochaithe eagraithe, an cumann rúnda nua-Naitsíoch úd Suomen Sisu nó ‘Sracadh na Fionlainne’, ag insíothlú an pháirtí. Ba é Jussi Halla-aho ceannasaí an fhaicsin seo, agus sórt cultais idirlín á adhradh mar a bheadh dia beag ann. De réir mo thaithí féin tá an lucht cultais seo cosúil le harm zombaithe; má thugann Halla-aho le fios nach maith leis duine éigin – iriseoir a bhfuil súil chriticiúil aige ar na Fíor-Fhionlannaigh cuir i gcás – beidh na zombaithe ag ionsaí an namhad seo ar líne go dtí go n-éireoidh leo a mhíthapa a bhaint as.

Nuair a chuaigh Halla-aho agus Terho faoi agallamh teilifíse in éineacht, ní raibh an breathnóir in ann difríocht ar bith a aithint eatarthu ó thaobh na smaointeoireachta de. Agus le fírinne, sna laethanta a bhí, bhíodh Halla-aho sásta Terho a mholadh mar iarrthóir tacair nuair nach raibh sé féin ag glacadh páirte sna toghcháin. Nuair nach raibh de rogha ag baill an pháirtí ach Halla-aho féin nó Halla-aho Lite, is follas gur roghnaigh siad an rud é féin.
Níorbh eisean rogha Timo Soini, a bhí meáite ar ghreim docht daingean a choinneáil ar a pháirtí i ndiaidh thoghchán an chathaoirligh nua féin. Agus b’fhearr leis i bhfad Terho, nó ní raibh muinín aige as Halla-aho, ós fear mífhreagrach é. Fear dáigh dochomhairleach é nach bhfuil scileanna taidhleoireachta aige den chineál a theastódh ón bpolaiteoir a mbeadh fios a ghnó aige. 

Thairis sin, tá Soini i mbuaic a chaithréime mar pholaiteoir agus é ina Aire Gnóthaí Eachtracha, agus ní bheadh sé sásta éirí as an bpost seo faoi réimeas Halla-aho. Mar sin, bhunaigh seisean agus fiche éigin d’fheisirí an pháirtí faicsean nua parlaiminte, an Mhalairt Nua – ina dhiaidh sin, an Todhchaí Ghorm. Bhí páirtithe eile an chomhrialtais – na coimeádaigh nó Kokoomus agus an Páirtí Láir – breá sásta leis an bhfuascailt seo, ó chinntigh sí tacaíocht an tromlaigh don rialtas sa pharlaimint.

Ach dealraíonn sé nach bhfuil deireadh ráite go fóill faoin scoilt seo. Mar is dual dóibh tá arm zombaithe Halla-aho ag bagairt murdair ar fhaicsean Soini. Agus is dócha go bhfuil na bagairtí ag obair, ós rud é gur fhill cúpla feisire chuig Halla-aho le linn mise a bheith ag scríobh an ailt seo.

Is é an taobh íorónta den scéal an dóigh a bhfuil lucht leanúna Soini sa pháirtí ag gearán faoi na bagairtí atá siad a fháil ó fhaicsean Halla-aho. Bhí siad sona sásta socair leis na bagairtí agus leis an gclúmhillteoireacht fad is nach raibh ach iriseoirí agus gnáthshaoránaigh faoi ionsaí. Anois áfach, agus iad féin thíos leis an bhfeachtas fuatha, shílfeá go bhfuil éagóir an domhain á déanamh orthu an dóigh a bhfuil siad ag mairgnigh.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook