An Outside View/Léargas Taobh Amuigh
2017-06-29 12:46:01 -
Column
8
12249
Panu Höglund

Is mór an trua nach bhfuil mórán eile le tuairisciú ón bhFionlainn ar na saolta seo ach amháin drochscéalta faoi chaithréim an chiníochais, ach níl neart air.

An turas seo is éard a tharla gur chuala na ciníochaithe ráfla faoin ngairm Mhuslamach chun urnaí a bheith le cloisteáil ó bhunscoil Vesala i Heilsincí. Ní raibh i gceist i ndáiríribh ach cuid de ghnáthiarrachtaí na scoile le heolas a thál ar na páistí faoi na cultúir is na creidimh éagsúla sa tír; rud ba chuid den churaclam bunscoile nuair a bhí mé féin i mo pháiste dhá scór bliain ó shin, i bhfad sular chuala aon duine an focal mór úd ‘ilchultúrachas’. Anois áfach rith le dream d’fhir fhásta léirsiú a eagrú in aice leis an scoil lena naimhdeas i dtaobh an Ioslaim a chur in iúl.

Ní rud as an ngnáth go díreach a bhí i gceist, ar ndóigh. Le roinnt míonna anuas tá dream bainteach ciníochaithe ag campáil sa chearnóg os comhair stáisiún na dtraenach i Heilsincí d’fhonn cur isteach ar an lucht iarrtha tearmainn a bhfuil a gcampa agóide féin acu beagnach san áit chéanna. 

Níorbh í a ndea-iompraíocht a thuill a gclú do na hagóideoirí ciníocha i gceachtar den dá áit: cuid acu ar meisce, agus iad ag bagairt an mhíle murdal ar aon duine a bhfuil cuma an easaontais air. Anois tá an chosúlacht ag teacht ar na cúrsaí nach bhfuil na hamhais seo sásta ligean do na páistí beaga féin.

Nuair a bhí mé féin i mo scoláire bunscoile ní bhíodh na bulaithe scoile ach cúpla bliain ní ba shine ná mo leithéidí. Na tachráin Mhuslamacha inniu nach bhfuil deich mbliana slánaithe acu caithfidh siad cur suas le maistíní atá ag druidim le leathchéad bliain d’aois.

Ní féidir a rá go mbeadh maithe agus móruaisle na Fionlainne meabhrach ar chruachás na bpáistí Muslamacha úd. A mhalairt ar fad. Thug an tAire Gnóthaí Inmheánacha Paula Risikko cuairt chairdiúil ar champa na gciníochaithe i gcearnóg stáisiún na dtraenach, rud a thug an-mhisniú don eite dheis antoisceach sa champa agus lasmuigh de. 
Maidir le h-uachtarán na poblachta Sauli Niinistö, is ábhar bróin é an dóigh a ndearna sé a chuid féin de thuiscint agus de théarmaíocht na gciníochaithe sa ráiteas inar thrácht sé ar chúrsaí inimirce le déanaí: is éard a dúirt sé go mba chóir deireadh a chur leis an ”inimirce neamhrialaithe”.

Bhí sé ina shíordheilín ag na bolscairí ciníochais ó thús go mba chóir an ”inimirce neamhrialaithe” a stopadh. Ní raibh polasaithe inimirce na Fionlainne ró-‘neamhrialaithe’ riamh, áfach. Is éard a dúirt eite dheis antoisceach na Sualainne riamh nach raibh d’fhonn orthu féin ach aithris a dhéanamh ar pholasaí inimirce na Fionlainne chomh dian is a bhí sé! Dáiríribh cuireann an inimirce ‘neamhrialaithe’ seo cat cáiliúil Schrödinger i gcuimhne duit: braitheann sé ar an mbreathnóir cé acu ann nó as dó.

Tamall maith ó shin rinne an tUachtarán iarracht – ní raibh ann ach lagiarracht muis ach ní mór an beagán sin féin a aithint is a admháil – rinne sé iarracht i ráiteas poiblí coinscleo an chiníochais san Fhionlainn a lochtú, agus ansin chuaigh sluaite linseála an Idirlín ar an daoraí ar fad ag caitheamh anuas go brúidiúil ar Niinistö féin agus – ach go háirithe – ar a bhean chéile óg, Jenni Haukio. Agus ba mhillteanach an t-ionsaí béil sin.

Shílfeá go nglacfadh an tUachtarán fuath, col agus snomh ar fad le dream a thrácht ar a bhean chéile mar sin. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Léiriú é seo ar an ngreim atá ag lucht leanúna an chiníochais ar intinn na bpolaiteoirí san Fhionlainn: nuair a bhagair an drong sin ar a bhean chéile is é an chéad rud a rith leis an Uachtarán ná iad siúd a ghiúmaráil, seachas a bhean a chosaint orthu.

Mar a dhealraíos na cúrsaí san Fhionlainn inniu, theip an tsochaí go hiomlán ar na páistí Muslamacha a bhíos á gciapadh ag dronga de mheisceoirí fásta. Is é tuairim an Uachtaráin féin, de réir chosúlachta, gurb iad na páistí Muslamacha féin a tharraing na seantithe seo anuas orthu féin, agus gur cuid de ghnáth-chead cainte na saoránach an cineál seo ionsaithe ar na scoileanna.

Tiocfaidh an lá fós, is baolach, nuair a gheobhas páiste bás agus na druncairí seo ag rith damhsa ar fud na scoileanna. Agus is eagal liom nach n-aithneoidh an tUachtarán féin a fhreagracht as ar tharla, ansin.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook