Saoránachta dúbailte ina cúis achrainn san Fhionlainn
2017-02-15 17:00:17 -
World News
0
13236
Ar na saolta seo is í an tsaoránacht dhúbailte an t-ábhar plé is conspóidí san Fhionlainn. Chuaigh an scéal ar fud na meán cumarsáide nuair a tháinig chun solais go bhfuil fórsaí armtha ár dtíre ag iarraidh gan an iomarca muiníne a dhéanamh as earcaigh ar saoránaigh Fhionlannacha agus Rúiseacha iad araon ná dualgaisí a bhronnadh orthu a bhfuil ard-rúndacht ag baint leo.

Ar ndóigh d’éirigh an t-aer féin trom le líomhaintí faoi chiníochas, rud follasach ar fad agus leithéid Jussi Niinistö ina Aire Cosanta sa tír faoi láthair.

Ball de pháirtí na bhFíor-Fhionlannach – páirtí na dtuathghríosóirí is na bhfuathghríosóirí – é Niinistö, cé nach bhfuil an sloinne sin róchoitianta san Fhionlainn, dealraíonn sé nach bhfuil mórán lúb ghaoil aige le Ville Niinistö, cathaoirleach na nGlasach, ná le Sauli Niinistö, Uachtarán na Fionlainne. Agus cosúil leis an drong atá i gceannas ar an bpáirtí sin, tá sé ina ghníomhaí de chuid na heite deise antoiscí le scór bliain ar a laghad, i bhfad sula ndeachaigh sé sna Fíor-Fhionlannaigh. 

Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil Niinistö níos cóngaraí do mheon na sean-eite deise radacaí san Fhionlainn. Chuir siad siúd béim ar thábhacht na seirbhíse armtha, agus ba iad na diúltóirí coinsiasacha an dream ba mhó a d’fhuathaigh siad.

Idir an dá linn, tháinig a mhalairt de chuma ar an eite dheis radacach sa tír: cé go bhfuil an coinscríobh i bhfeidhm sa tír inniu, dhiúltaigh a lán den chineál sin radacaigh seirbhís a dhéanamh san arm, agus tá a n-idé-eolaíocht níos cosúla le ciníochas idirnáisiúnta leithéidí Trump ná le haon náisiúnachas Fionlannach; tá cuid mhór acu báúil le Putin, fiú. D’fhéadfá a rá go bhfuil Niinistö cosúil le ‘hOisín i ndiaidh na Féinne’ in eite dheis radacach na tíre.

Níl scileanna taidhleoireachta ag Jussi Niinistö, ach oiread le haon duine den eite dheis antoisceach. Dá mbeadh, d’fhéadfadh sé maolú ar an gcallán áirithe seo trína chur in iúl do na meáin nach bhfuil sa tsaoránacht dhúbailte ach aon chúis cháiréise amháin.

Ós rud é gurb é polasaí na Rúise dearcadh ar na ‘saoránaigh dhúbailte’ mar shaoránaigh Rúiseacha a chaithfeas bheith dílis don Rúis in aon chineál coimhlinte, is léir go gcaithfidh na fórsaí armtha an cheist a chur orthu féin, an féidir le seirbhísí rúnda na Rúise brú a chur ar an saoránach dúbailte.

Scéal eile é áfach go bhfuil bealaí eile ag na spiairí tionchar míchuí a imirt ar na míleataigh agus ar lucht ardfhreagrachta eile; chuala an saol iomrá ar a bhfuil ar eolas, de réir na luaidreán, ag seirbhísí rúnda na Rúise faoi nósanna gnéis Donald Trump.

Nuair a tháinig an Maor-Ghinearál Harri Ohra-aho, fear stuama staidéartha atá i gceannas ar chúrsaí faisnéise na bhfórsaí armtha, ag labhairt leis na meáin, rinne sé a dhicheall gnéithe éagsúla na ceiste seo a mhíniú, rud ba chóir don aire chosanta féin a dhéanamh ó thús. Faoin am sin áfach ní raibh greim le fáil ar an díospóireacht sna meáin a thuilleadh: bhí an eite chlé ag cur ciníochais i leith an Airm, de réir is mar a d’éiligh traidisiúin idé-eolaíochta na heite clé, agus an eite dheis antoisceach ag caitheamh anuas ar shaoránaigh dhúbailte na Sómáile agus na Fionlainne, rud nach mbaineann le héirim an scéil ar aon nós, ós iad gníomhaíochtaí na rúnseirbhísí Rúiseacha agus polasaithe na Rúise i leith na saoránach dúbailte atá i gceist thar aon rud eile..

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS : Panu Höglund Saoránachta dúbailte Fhionlainn
Other World News News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook