An zombaí polaitiúil is clúití san Fhionlainn, agus a aiséirí
2017-02-01 09:40:14 -
Column
0
3314
By Panu Höglund

Thiar sna seachtóidí ba é an tUachtarán Urho Kekkonen a bhí i gceannas ar na cúrsaí polaitíochta san Fhionlainn. Sciliúil mar a bhí sé, d’éirigh leis tacaíocht a mhealladh ó na dreamanna polaitiúla go léir, go háirithe leis an dóigh a bhí aige ar na Sóivéadaigh. Ba é Paavo Väyrynen a chomharba, mar a chonacthas dúinn – réalta óg an Pháirtí Láir, arbh é páirtí Kekkonen féin é. Ina chuid scríbhinní agus óráidí chuireadh Väyrynen gach béim ar thábhacht an dea-chaidrimh leis na Sóivéadaigh, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó aon duine san am sin a bhí ag dréim le gairmréim sa pholaitíocht, go háirithe más sa Pháirtí Láir a bhí sé ag gníomhú.

Ansin thit an tóin as an Aontas Sóivéadach, agus tháinig deireadh le ré an Chumannachais. Bhí Väyrynen tar éis a raibh aige de chaipiteal polaitiúil a infheistiú i seanpholasaí eachtrach na Fionlainne, a bhí bunaithe ar an dlúthchaidreamh leis an gcomharsa thoir. Anois chuir muid aithne ar chairde nua san Eoraip, agus sinn ag déanamh ár ndichill blianta duairce an tSóivéadachais a ligean i ndearmad. Nuair a bhí an Fhionlainn díreach le ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach, bhí Väyrynen go tréan ina héadan i gcónaí, agus ina dhiaidh sin féin bhí sé ar na hEoraisceiptigh ba mhó sa tír.

Cé gur chaill sé cuid mhór dá sheanstádas sa Pháirtí Láir, bhí lucht leanúna dá chuid féin aige mar pholaiteoir aonair riamh, agus anois tá sé ag iarraidh aiséirí a dhéanamh sa pholaitíocht taobh amuigh dá sheanpháirtí. Bhunaigh sé páirtí príobháideach dó féin, ar ar thug sé Páirtí na Saoránach, ach is é taobh greanntragóideach an scéil nach bhfuil cead isteach ag na gnáthshaoránaigh sa pháirtí sin. Le fírinne níl ach foireann bheag de bhaill sa pháirtí aige, ”saineolaithe” mar a thugas sé féin orthu. An chuid is mó acu is seanfhondúirí iad agus iad báúil leis an Rúis cosúil le Väyrynen féin, ó d’fhoghlaim siad uraiceacht an pholasaí eachtraigh san am chéanna. Thairis sin tá roinnt ann agus baint acu leis an gcineál bréagmheán atá ag fáil tacaíochta ón Rúis le ciníochas, frith-Eorpachas agus teoiricí éagsúla comhcheilge a chraobhscaoileadh.

Cé nach raibh Väyrynen ina fhear mhór ciníochais riamh, dealraíonn sé go bhfuil sé meáite ar a leas féin a bhaint as an gciníochas atá faiseanta ar fud na hEorpa. Tá sé agus a pháirtí ag éileamh srianta níos déine leis an inimirce: is cuma leis, de réir a chéile, go bhfuil polasaithe inimirce na Fionlainne dian i bhfad thar an meán i gcomparáid le tíortha eile na mór-roinne seo. 

Ach ar ndóigh ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó pháirtí atá faoi thionchar na Rúise ar na saolta seo, ach is deacair a rá an bhfuil mórán vótaí le bailiú leis an gciníochas a thuilleadh. Dealraíonn sé go bhfuil ré an chiníochais i bpolaitíocht na Fionlainne ag trá faoi láthair – tá na Fíor-Fhionlannaigh ag cailleadh tacaíochta, agus roinnt mhaith mionpháirtithe ciníocha tagtha ar an bhfód le troid a chur ar a chéile faoin mbeagán vótaí atá ar fáil dá leithéidí. Ar ndóigh tá a Fhührer féin ag gach páirtí acu nach bhfuil sásta comhoibriú ar bith a dhéanamh leis na páirtithe eile.

Iad siúd ar cuimhin leo Väyrynen nuair a bhí sé i ‘bpraidhm’ a mhaitheasa tá siad sách míshásta leis an deireadh truamhéileach a tháinig le gairmréim an tseanpholaiteora. Tráth den tsaol bhí sé incheaptha go mbeadh sé ina uachtarán ar an tír sa deireadh thiar thall; inniu tá sé ag iarraidh vótaí na scabhaitéirí is na n-amhas a mhealladh. 

Thairis sin is dócha go dtiocfaidh scoilt ar a sheanpháirtí, nó tá a pháirtí nua ag tarraingt calláin taobh istigh den Pháirtí Láir. Shílfeá go mbeadh sé dlíthiúil dlisteanach ballraíocht an pháirtí a bhaint den pholaiteoir a bhfuil páirtí eile bunaithe aige, ach tá lucht adhartha Väyrynen sa Pháirtí Láir chomh láidir fanaiceach i gcónaí is gur féidir nach gceadóidh siad é, rud a chiallaíos, is dócha, go streachlóidh an páirtí sin é féin as a chéile i ndeireadh na dála..

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook