An Pholainn agus an sciúirse de daonlathas níliobrálach
2016-02-08 15:52:13 -
World News
5873
126007

Panu Höglund

 

Nuair a bhí an fichiú haois díreach ag druidim chun deiridh, d’fhoilsigh an tráchtaire polaitíochta Meiriceánach Fareed Zakaria alt faoin teideal ‘Éirí an Daonlathais Mhíliobrálaigh’, inar chuir sé an cheist reitriciúil, an raibh daonlathas de chineál nua ag teacht chun saoil ar fud an domhain. Bhí líon na stát daonlathach ag dul i méadaíocht, a d’admhaigh sé, ach san am chéanna fuair sé riachtanach amhras a chaitheamh ar chaighdeán an daonlathais iontu. Is éard a bhí le rá aige ná nach leor toghcháin dhaonlathacha le daonlathas cobhsaí liobrálach a dhéanamh d’aon stát.

Is éard atá i gceist le daonlathas míliobrálach ná daonlathas nach bhfuil ach cead vótála ann – is é sin, daonlathas nach dtugann aitheantas do chearta an mhionlaigh. I dtíortha den chineál seo bíonn trioblóidí ag titim amach le linn na dtoghchán, agus is minic a sheasas páirtí polaitiúil áirithe do dhream eitneach áirithe. Má ghnóthaíonn páirtí áirithe toghchán, beidh cúis eagla ag lucht leanúna na bpáirtithe eile, toisc gur gnách don bhuaiteoir géarleanúint a dhéanamh orthu. 

Is é éirim an scéil nach bhfuil bunreacht ceart ann le srian a choinneáil ar an mbuaiteoir, ná scaradh ceart cumhachtaí ann. Mar sin, an páirtí a raibh an lá leis sna toghcháin, is féidir leis a úsáid féin a bhaint as na cuairteanna agus na breithiúna le brú a chur ar an bhfreasúra agus a shrianta féin a chur leis na meáin, ionas nach bhfuil de rogha ag na craoltóirí ach fírinne oifigiúil an Stáit a fhógairt nó éirí as scun scan.

Sin é an tuige gur chuir bua Pháirtí an Dlí is an Chirt (Prawo i Sprawiedliwość) an oiread sin imní ar an Aontas Eorpach agus ar gach duine ar cás leis cás na Polainne. Is iad modhanna oibre an pháirtí is mó a chuireas isteach ar an bhfreasúra, nó ní féidir a rá go mbeadh cuspóirí fógartha an pháirtí go ródhona i gcoimhthéacs polaitiúil na tíre. Páirtí coimeádach atá ann mar a shainmhíníos sé é féin, ach san am chéanna níl sé ag iarraidh an leas sóisialta a chiorrú ar chúiseanna idé-eolaíocha, agus níl sé leath chomh hEoraiscéiptiúil agus an chuid is mó de thuathghríosóirí na mór-roinne s’againn. Le fírinne dá bhfágfadh an páirtí cead cainte ag na meáin agus neamhspleáchas ag na breithiúna is dócha nach mbeadh cúis imrí ann.

Díríonn Páirtí an Dlí is an Chirt ar an gcuid de mhuintir na Polainne atá thíos leis an dóigh a ndeachaigh an tír chun domhandais agus chun liobrálachais ó tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach agus leis an gcumhacht Chumannach in Oirthear na hEorpa. Is dócha go raibh siad i bhfad ní b’fhearr as nuair a bhí an Cumannachas i réim sa tír. Íorónta go leor, san am chéanna cuireann polaiteoirí an ”Dlí is an Chirt” Cumannachas i leith na bpáirtithe polaitiúla eile, cosúil lena síor-chéile iomaíochta, Ardán na Saoránach (Platforma Obywatelska), mar chuid den reitric. (Le fírinne is páirtí liobrálach ón eite dheis é an tArdán.)

Na páirtithe faisisteacha agus ciníocha atá ag teacht ar an bhfód ar fud na hEorpa, tá an chuid is mó acu ag fáil tacaíochta ón Rúis ar na saolta seo. Scéal eile é Páirtí an Dlí agus an Chirt, nó is deacair polasaithe Rúis-bháúla a dhíol le muintir na Polainne, ó bhí an tír thíos le himpiriúlachas na Rúise ó dheireadh na hochtú haoise déag i leith. Faoi láthair tá an páirtí go tréan i bhfách le smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh in aghaidh na Rúise. Ina dhiaidh sin féin, ní mór an cheist a chur, an bhfuil tionchar éigin ag rúnghníomhairí Putin ar an gcor nua seo i gcinniúint na Polainne.

San Fhionlainn, mar shampla, bhí an eite dheis antoisceach an-diúltach i leith na Rúise go dtí le déanaí, toisc go raibh baint ag an gcineál sin antoisceachais le taithí an Dara Cogadh Domhanda. Sa chogadh áirithe sin bhí muid ag cur troda ar an Aontas Sóivéadach agus ag comhoibriú leis an nGearmáin Naitsíoch, agus ba iad na hantoiscigh eite deise san Fhionlainn iad siúd a raibh cumha orthu i ndiaidh an chogaidh go bunúsach. 

Le déanaí áfach tháinig athrú intinne orthu de réir is mar a tuigeadh dóibh go raibh dearcadh Putin cairdiúil leis an gcineál coimeádachais nó frithghníomhachais a chleachtas siad féin, agus gurbh é liobrálachas an iarthair a bhfíor-namhaid. B’fhéidir nach mbeidh an tuiscint chéanna mall ag teacht ag Páirtí an Dlí agus an Chirt sa Pholainn.

 

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund. Bhí Polainnis líofa aige sular fhoghlaim sé an chéad fhocal Gaeilge riam.

TAGS :
Other World News News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook