An Champúis: aisling na bhFíor-Fhionlannach?/ Kampuchea: the dream of the True Finns?
2015-08-15 10:50:50 -
World News
0
2088

Panu Höglund

 

Tá na Fíor-Fhionlannaigh ag áitiú orainn le giota maith ama anuas gur Stailínigh uafásacha iad an eite chlé agus na Glasaigh araon, agus go bhfuil a bpáirtí féin ag teastáil sa rialtas le bac a chur ar an namhaid sin. Nuair a thosaigh an diospóireacht faoi chaidreamh an Fheisire Olli Immonen le drong de nua-Naitsithe foréigneacha, áfach, tháinig chun solais go raibh sé mór freisin le hidé-eolaí antoisceach darb ainm Kai Murros, fear a tharraing an chéad súil phoiblí air féin le paimfléad faoi réabhlóideachas breis is deich mbliana ó shin. 

 

San am sin thug sé le fios go raibh sé ina radacach ón eite chlé, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne ní raibh suim ag lucht leanúna na heite sin i sluamharú daoine de ghrá na hidé-eolaíochta. Mar sin d’fhág Murros slán acu agus chuaigh sé lena mhalairt de radacachas. Cinnte bhí fáilte Uí Cheallaigh ag na nua-Naitsithe roimhe, agus ar na saolta seo tá clú áirithe taobh amuigh den Fhionlainn féin mar phríomhsmaointeoir nua-Naitsíoch.

 

De réir is mar a scríobh fear de lucht a leanúna ó Shasana, is éard a mholas Murros mar réiteach ar fhadhbanna an Domhain Thiar (cibé fadhb atá i gceist aige) ná ”an fhuascailt Champúiseach”. An Champúis an t-ainm a bhaist seict Chumannach na gCiméarach Dearg ar an gCambóid i ndiaidh dóibh an tír a shealbhú thiar sna seachtóidí, agus maireann míchlú ar rialtas na seicte sin inniu féin, dhá scór bliain i ndiaidh na n-imeachtaí. Go bunúsach rinne na Ciméaraigh Dhearga ár uafásach ar ghnáthdhaonra na tíre ar chúiseanna idé-eolaíocha. Mhaígh siad go raibh na cathracha imithe chun donais le gach cineál lobhadais, agus mar sin bhí siad meáite ar dheireadh a chur leis an nua-aimsearthacht uirbeach agus sibhialtacht nua a chruthú faoin tuath. Bhí fuath na ndaol acu ar an aos intleachta, agus b’iomaí duine a chuir siad chun báis ar an aon chúis amháin go raibh spéaclóirí – siombail an aos intleachta – aige.

 

Deir Kai Murros – nó sin é an aithris a dhéanas a chara Sasanach ar a chuid focal, ar a laghad – gurbh é an frith-Chumannachas a chuir i dtreo na ”fuascailte Campúisí” é an chéad uair riamh. Sin rud nach bhfuil mórán céille leis, mar a fheictear an scéal don ghnáthdhuine. Thuigfeá a chás siúd a déarfadh go ndeachaigh sé le frith-Chumannachas nuair a chuala sé trácht ar ainghníomhartha na gCiméarach Dearg sa Champúis, ach is ar éigean is féidir bá a ghlacadh le haon duine a deir gurb iad na básuithe is na sluamharuithe an t-aon rud is maith leis faoin gCumannachas.

 

Is dealraitheach gur féidir le Timo Soini, cathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach, áfach. Nuair a tháinig an páirtí le chéile ag an Ard-Fheis i ndeireadh an chéad seachtain de Mhí Lúnasa, staon Soini ó aon phlé a dhéanamh ar Olli Immonen agus ar na daoine a gcoinníonn sé cuideachta leo. A mhalairt ar fad chaith an cathaoirleach agus a chuid cúlaistíní ar na meáin chumarsáide, gan trácht a dhéanamh ar na líomhaintí faoi “Mharxachas cultúrtha” ba mhó a shamhlófá le hAnders Behring Breivik. Sin rud a thaispeánas nach bhfuil difríocht ar bith idir Soini agus na ‘Bréivícigh’ sa pháirtí.

 

Bhí sé ina dheilín ag a lán iriseoirí roimhe seo gurbh é Soini an fear a tharrthaigh an Fhionlainn ó bhagairt na heite deise antoiscí: ba í an ghnáth-anailis a bhíodh acu siúd go raibh Soini in ann na radacaigh a ghiúmaráil gan géilleadh dóibh ná dochar a dhéanamh don daonlathas. D’imigh sin, áfach, agus tháinig seo: is é fonn an Bhréivíceachais a chloisfeá ó Soini féin inniu, agus b’fhéidir nach bhfuil mórán drogaill air roimh an ‘bhfuascailt Champúiseach’ sin ach an oiread, a thuilleadh. Agus a leithéid sin d’fhear ag déanamh ghnó aire na ngnóthaí eachtracha dúinn inniu!.

 

 

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn Panu Petteri Höglund

 

 

 

For some time now the True Finns party have been telling us that left-wingers and Greens are just a bunch of horrible Stalinists and that they themselves are being sorely needed in government to stop that enemy. With the dispute about parliamentarian Olli Immonen’s close relations with a gang of violent neo-Nazis, however, it also turned out that he was also friendly with the extremist ideologue Kai Murros. 

 

Murros first attracted attention with a revolutionary pamphlet more than 10 years ago, giving himself the airs of a left-wing radical at the time, but as left-wing supporters were not interested in massacring people for ideological reasons, he turned his back to them and devoted himself to the other kind of political radicalism. Among neo-Nazis he found a welcoming audience, and these days he has acquired some notoriety outside Finland as a leading neo-Nazi thinker.

 

As one of his British admirers wrote, Murros recommends that the problems of the western world, whatever he means, should be solved “the Kampuchean way”. Kampuchea is the name the Communist sect Khmer Rouge called Cambodia when they had taken possession of the country back in the 1970s, and the name of that sect still makes people shudder 40 years after the regime. Basically, the Khmer Rouge massacred much of the civil population of the country for purely ideological reasons. They suggested that cities had been gone bad with all kinds of corruption, and were thus hell-bent on abolishing urban modernity and creating a new civilisation in the countryside. They hated intellectuals and often killed people for wearing glasses, the symbol of intellectualism.

 

Kai Murros himself says – or so he is quoted by his English friend – that he actually turned to the ”Kampuchean solution” prompted by his anti-communism. For the rest of us, this sounds rather silly. You would understand somebody who turns to anti-communism after hearing about the horrors of the Khmer Rouge in Kampuchea, but you can hardly sympathise with somebody for whom killings and massacres are the only thing he likes about communism.

 

But it seems that Timo Soini, the chairman of the True Finns party, can. When the party gathered together at its national convention during the first weekend of August, Soini declined to discuss Olli Immonen or his company-keeping. Quite the opposite: he and his minions attacked the media and accused their political adversaries of “cultural Marxism” in a way that reminds of Anders Behring Breivik. This shows that there is no difference between Soini and the ‘Breivikist’ faction of the party.

 

Before, our journalists tended to tell us that Soini had saved Finland from the threat of extreme right wing; their usual analysis was that Soini was able to humour the radicals without making concessions or damaging democracy. Now things have changed; now Soini is playing the Breivikist tune, and does not seem to feel very reluctant about that ‘Kampuchean solution’ either. And this man is supposed to be our foreign minister!

 

 

Panu Petteri Höglund is an Irish-language writer from Finland

TAGS : Finland Kai Murros Soini Panu Höglund True Finns
Other World News News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook