Panu Höglund
Cé gur éirigh le páirtí na bhFíor-Fhionlannach cumhacht nach beag a bhaint amach i saol polaitiúil, níl ag dul acu dlí nua ar bith a chur ar leabhar na reacht. I ndiaidh an iomláin bhí polasaí na hinimirce ní ba dhéine san Fhionlainn ná sa chuid eile den domhan thiar riamh, agus ní féidir é a dhéanamh níos déine gan na conarthaí idirnáisiúnta a bhriseadh ar chuir ionadaithe na Fionlainne a n-ainm leo sular rugadh mise nó aon duine de bhaill ghníomhacha an pháirtí Fhíor-Fhionlannaigh. Mar sin, ós rud é nach bhfuil na fadhbanna ann ar aon nós a gheall an páirtí a fhuascailt, thosaigh na Fíor-Fhionlannaigh ag ionsaí lucht a gcomhdhúchais féin, mar is dual d’fhíor-Fhaisistigh.
Tháinig carachtar ceart Pháirtí na bhFíor-Fhionlannach chun solais i lár an tsamhraidh nuair a chonacthas Olli Immonen, feisire de chuid an pháirtí, ag ceiliúradh chuimhne Eugen Schauman, fear de laochra saoirse na Fionlainne, in éineacht le baill de Ghluaiseacht Frithbheartaíochta na Fionlainne, eagraíocht nua-Naitsíoch a bhfuil ionsaithe foréigneacha déanta aici ar dhaoine gormchraicneacha chomh maith le gnáthdhaoine de phór na Fionlainne. Deir leathanach Idirlín na heagraíochta féin gurb é an ”Sóisialachas Náisiúnta” a hidé-eolaíocht; thairis sin, tá bolscaireacht na gluaiseachta seo ar maos le teoiricí comhcheilge frith-Ghiúdacha, rud nach bhfuil coitianta san Fhionlainn chomh lag is atá traidisiún an fhrith-Ghiúdachais anseo. Mar sin ní féidir le haon duine a shéanadh gur eagraíocht Fhaisisteach atá i gceist.
Leis an ngéarchéim dhaonnúil atá ag bagairt sa tSiria tá an chuma ag teacht ar an scéal go gcaithfidh an Fhionlainn deich míle duine de lucht iarrtha tearmainn a fháiltiú i mbliana – dhá oiread níos mó ná mar is gnách – díreach nuair atá na Fíor-Fhionlannaigh sa rialtas! Sin rud a thaispeánas nach féidir leis an bPáirtí Fíor-Fhionlannach a chuid geallúintí a chomhlíonadh maidir le laghdú na hinimirce: bíonn líon na dteifeach agus na ndídeanaithe ag athrú de réir na n-imeachtaí amuigh sa tsaol mhór, agus ní thagann le haon pháirtí polaitiúil ar leith fórsaí sin an nádúir a stiúradh. Níl fágtha ag na polaiteoirí ná ag na státseirbhísigh ach bainisteoireacht a dhéanamh ar an inimirce mar is fearr is féidir leo.
Mar sin, níl fágtha ag na Fíor-Fhionlannaigh ach a admháil nach raibh i gceist acu riamh ach idé-eolaíocht Fhaisisteach a chur chun cinn agus nach raibh ina gcuid seafóide faoi inimirce ach duilleog fige le dúchas gránna an pháirtí a cheilt. Faisistigh iad go smior, agus iriseoirí féin na tíre ag éirí sách dána leis an ainm ceart seo a thabhairt orthu go hoscailte.