Meáin na Fionlainne ag troid ar son an fhaisisteachais - arís
2019-08-01 14:39:30 -
World News
0
117747
Panu Höglund

Bhí an ‘eite dheis mhalartach’ in ann poiblíocht na Fionlainne a shealbhú i bhfad sular tháinig sí chun cinn sna Stáit Aontaithe. Thosaigh an sealbhú seo timpeall ar an mbliain 2007, nuair a chaill na meáin an cur chuige tarcaisniúil a bhí acu i dtaobh na heite deise antoiscí roimhe sin. 

Dá rachfá ag cuardach aircíovlanna na meán san Fhionlainn, is dócha go bhféadfá dáta an athraithe seo a shocrú go mionchruinn. Is dócha gurb iad na feachtais ghéarleanúna ar líne in aghaidh iriseoirí áirithe a spreag an mheatacht a tháinig i leaba na tarcaisne. Ach ar ndóigh is féidir go bhfuair na hiriseoirí a raibh bá acu leis an eite dheis mhalartach, go bhfuair siad tacaíocht ó úinéirí agus bainisteoirí na ngnólachtaí meán, agus iad siúd a bhí á lochtú, go bhfuair siad an sac.

I ndiaidh olltoghchán na bliana 2015 d’éirigh leis na Fíor-Fhionlannaigh – páirtí lucht an chiníochais – Airí Rialtais dá gcuid féin a mholadh don chaibinéad. An tacaíocht a fuair siad ó na meáin ‘neodracha’ nó bhuirgéiseacha chuidigh sí go mór leo an t-éacht seo a chur i gcrích. 

Sna ceithre bliana ina dhiaidh sin bhí an tír á rialú ag comhrialtas na gcoiméadach traidisiúnta (an páirtí úd Kokoomus), an Pháirtí Láir (is é sin páirtí na bhfeirmeoirí) agus na bhFíor-Fhionlannach, agus is iomaí éileamh dá gcuid a d’éirigh leis na Fíor-Fhionlannaigh a chur ar leabhar na reacht. Mar sin baineadh de stádas na Sualainnise, agus rinneadh praiseach den pholasaí inimirce. Na hiarrachtaí a rinne páirtithe eile an chaibinéid leis an stát soilíosach a chur ó mhaith, chuaigh an chuid is mó acu díobh, ós rud go raibh siad ag teacht salach ar an mbunreacht.

Sna holltoghcháin i mbliana tháinig athrú cuma ar an gcaibinéad. Ba iad na Daonlathaigh Shóisialta a chuaigh i gceannas ar an tír, in éineacht le hAontas na hEite Clé, na Glasaigh, an Páirtí Láir, agus Páirtí Pobail Lucht Labhartha na Sualainnise san Fhionlainn – páirtí liobrálach buirgéiseach atá ann go bunúsach. 

An comhrialtas a bhí ag rialú na tíre go nuige seo níor chuir na meáin Fionlainnise – amach uathu siúd a bhfuil polasaí soiléir clé acu – bhí na meáin sásta caitheamh leis go séimh, gan aon locht a fháil air. D’athraigh an fonn ó bhonn áfach nuair a thosaigh an rialtas nua ag obair.

Ba iad na Daonlathaigh Shóisialta ba mhinice a bhí i gceannas ar an bhFionlainn go dtí an chéad deich mbliana den mhílaois nua. Mar sin, ba iad príomhshruth polaitiúil na tíre de réir gach caighdeán, agus aon iriseoir a rachadh ag plé chúrsaí an pháirtí, bheadh sé ag iarraidh, abair, ciall a bhaint as polasaithe na nDaonlathach Sóisialta, agus é eolach ar stair an pháirtí. D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Tá na hiriseoirí breá sásta ‘cumannachas’ a chur i leith na nDaonlathach Sóisialta inniu, rud atá bunoscionn ar fad le cúlra stairiúil an pháirtí, chomh maith le maslaí seafóideacha eile nach gcloisfeá roimhe seo ach ó antoiscigh chruthanta fhaisisteacha.

Is féidir leat a bheith ina mhuinín san Fhionlainn inniu nach bhfuil meáin liobrálacha measartha fágtha sa tír ar aon nós, ach amháin na meáin Sualainnise. Ceann de na príomhchuspóirí atá ag an eite dheis antoisceach is ea ná an tSualainnis a dhíothú mar theanga phobail san Fhionlainn, agus mar sin ní rithfeadh le hiriseoir Sualainnise comhoibriú leis na Fíor-Fhionlannaigh. Ní mhaireann an liobrálachas buirgéiseach ach i measc na Sualainniseoirí. I measc na bhFionlainniseoirí, níl ach an eite dheis antoisceach agus an eite chlé fágtha. Caithfidh tú ceann acu a roghnú.

Mar sin, níor tháinig athrú ar pholaitíocht na Fionlainne le céad bliain anuas. Sa bhliain 1918 bhí an tír á streachailt as a chéile ag cogadh fíochmhar cathartha, agus dealraíonn sé go bhfuil cogadh den chineál chéanna ag bagairt orainn arís.

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.
 
TAGS : Fionlainne fhaisisteachais eite dheis mhalartac
Other World News News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook