Tionsclaíocht an sceimhle
2019-07-01 14:53:40 -
News
0
110269

Panu Höglund

 

Le deich mbliana anuas, ar a laghad, tá na meáin chumarsáide san Fhionlainn ag cabhrú agus ag neartú leis an eite dheis antoisceach dul chun cinn a dhéanamh sna toghcháin. D’fhéadfá a rá, fiú, nach bhfuil gá ag na tuathghríosóirí agus na fuathghríosóirí le toghchánaíocht dá gcuid féin ar aon nós. Ní i gcónaí a bhí an chuma seo ar an scéal, áfach, agus is fiú an cheist a chur, cathain a thosaigh an áiféis seo agus cén fáth.

 

Ceann de na freagraí is fearr a fuair mé le déanaí ná an t-alt a d’fhoilsigh an Dochtúir Fealsúnachta Johanna Vuorelma, agus í ag déanamh taighde ar na meáin chumarsáide, ar sheachtaineán na nGlasach san Fhionlainn ar an 24ú Meitheamh i mbliana. Is éard a dúirt sise ná gurb iad na meáin chumarsáide “tionsclaíocht an sceimhle”. Níl siad, dar léise, d’aonturas ag cuidiú leis na nua-Fhaisistigh, ach a mhalairt: tá eagla agus scanradh mór roimh bhua na n-antoisceach agus roimh an deachtóireacht dúnmharfach a thiocfadh ar an bhfód de thoradh an bhua sin.

 

An bhfuil na meáin ag iarraidh an bhua seo a chosc roimh ré? Is léir nach bhfuil. Is fearr a rá go gcuireann an smaoineamh sórt draíocht nó sceitimíní orthu, cosúil le fantaisíocht phornagrafaíoch, agus faoi thionchar na sceitimíní seo tá siad ag díriú ar an eite dheis antoisceach thar aon ghrúpa polaitiúil eile. Mar sin ní ghlactar na páirtithe polaitiúla eile chomh dáiríre leis na tuathghríosóirí, agus ní dhéantar tuairisciú ceart ar a bpolasaithe siúd, nó níl iontu pé scéal é ach ceol na lire agus an Róimh ag dul trí thine.

 

Ar ndóigh, tá faitíos ar go leor den tsochaí roimh bhua na heite deise antoiscí, agus na meáin chumarsáide ag teacht i dtír ar an bhfaitíos sin. Agus tá sé lán chomh soiléir leis sin go bhfuil an chuid eile den tsochaí scanraithe roimh an lucht inimirce, agus na meáin ag freastal orthu siúd le scéalta áibhéalacha faoi eachtrannaigh choiriúla. An rud ar féidir airgead a shaothrú air, saothraítear airgead air, nach é sin loighic an ghnó? Scéal eile ar fad áfach go bhfuil an tuairisceoireacht fhíricbhunaithe agus an iriseoireacht phroifisiúnta fágtha in áit na leathphingine ar fad agus tionsclaíocht an sceimhle tagtha ina n-áit.

 

Sna laethanta a bhí shílimis go raibh de dhualgas agus d’fhreagracht ar na meáin eolas a thabhairt ar an saol inár dtimpeall agus tráchtaireacht shiosmaideach a dhéanamh ar na himeachtaí reatha. D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Níl na nuachtáin ná na meáin eile ag comhlíonadh a ndualgais a thuilleadh, agus aon duine atá ag iarraidh cloí le seanphrionsabail na dea-iriseoireachta tabharfar a bata agus an bóthar dó.

 

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS : media news fake news
Other News News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook