‘Fear a bhfuil droch-cháil air mar fhear FPE’
2019-06-01 13:34:18 -
Politics
0
103308

Panu Höglund

 

Nuair atá mé ag breacadh síos na bhfocal seo, tá vótaí an toghcháin Eorpaigh díreach cuntaiste san Fhionlainn. Níor éirigh leis na Fhionlannaigh chomh gleoite is a síleadh roimh ré, ach mar sin féin vótáladh isteach beirt dá gcuid iarrthóirí, mar atá, Laura Huhtasaari agus Teuvo Hakkarainen.

 

Iarmháistreás scoile í Huhtasaari a bhain amach a dintiúirí ollscoile ar dhóigh bhradach, rud a fuarthas amach nuair a ghlac sí suíochán i bparlaimint ár dtíre an chéad lá riamh. Maidir le Hakkarainen, chuaigh seisean i dtáin na polaitíochta san Fhionlainn i bhfad roimpise, nó is eisean is fearr a ionchollaíos cliseadh morálta iomlán na dtuathghríosóirí is na bhfuathghríosóirí úd ar a dtugtar ‘coimeádaigh náisiúnaíocha’ i leathchaint an lae inniu.

 

Is minic a chloisfeá gur ‘sábhadóir ionraic’ é Hakkarainen, fear simplí oibre a labhraíos a bhfuil ar a intinn le stainc ar lucht na ceartpholaitiúlachta. Le fírinne áfach níl sa mhéid sin ach bolscaireacht: is mac le gnóthadóirí sábhadóireachta é nach raibh d’iallach air riamh oiread is bang oibre a dhéanamh. Ina ionad sin chaitheadh sé a chuid ama ag druncaireacht: uair amháin ghoid sé cailís agus gréithe airgid eile as an teampall áitiúil ina cheantar dúchais le tuilleadh biotáille a cheannach. Níl anseo féin ach sampla amháin, nó is iomaí uair a bhí Hakkarainen ag seasamh an dlí ón lá ar tháinig sé i mbun a mhéide.

 

Ba é an ciníochas a thuill an míchlú do Pháirtí na Fhionlannach, agus ní dheachaigh sé ach in olcas le déanaí. Nuair a d’fhág an seanphobalóir Timo Soini halmadóir an pháirtí uaidh, ní bhfuair na ceannairí nua riachtanach an teachtaireacht ghlanchiníoch faoi ‘íochtaránacht nádúrtha an chine ghoirm’ a chur i mbréagriocht na ‘criticeoireachta ar inimirce’ a thuilleadh.

 

Is léir go bhfuil Hakkarainen féin ag déanamh aithrise ar na seoraí cainte ciníocha a chuala sé ó bhoic mhóra an pháirtí, ach san am chéanna is deacair a rá, an bhfuil mórán suime nó suaiméide aige ina dhath eile seachas ólachán agus beáir struipeála.

 

Nó chuala an Fhionlainn iomrá ar a chuid eachtraí sna clubanna griognochta cheana féin gan aon tagairt a dhéanamh don chaidreamh a bhíos aige leis na dronga coiriúla gluaisrothaíochta. Dáiríre píre is dealraitheach go bhfuil cairde ag go leor de bhallra an Pháirtí sa timpeallacht áirithe sin agus go bhfuil cuid nach beag de vótaí an pháirtí ag teacht ó choirpigh phroifisiúnta. Ní díol iontais é ar ndóigh, ach is ábhar dubhiontais é nach dtráchtfadh aon duine de na hiriseoirí air. A mhalairt ar fad bíonn na nuachtáin an-umhal do na fuathghríosóirí agus ag glacadh le pé seafóid a chloisfeá ón dream sin faoi chomh ‘tírghráúil’ is atá siad, mar dhea.

 

I dtaobh an chineál ‘tírghrá’ a chleachtas Hakkarainen, is féidir é a achoimriú in aon ghrianghraf amháin: an ceann a thaispeánas é féin agus Johan Bäckman ag tabhairt croí isteach dá chéile mar a bheadh deartháracha iontu. Cé hé Johan Bäckman? Is eisean an bolscaire is gránna atá ag adhradh is ag ardmholadh Vladimir Putin i saol poiblí na Fionlainne, fear a daoradh chun pionóis cheana féin as an dóigh a mbíonn sé ag saighdeadh dronga linseála an Idirlín faoi aon duine a mheasas sé féin a bheith róchriticiúil ar pholasaithe na Rúise. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh seisean ró-thírghráúil i gciall thraidisiúnta an fhocail, murarb í an Rúis an tír dá dtugann sé grá.

 

Tríd is tríd ní hé an locht is mó atá ar Hakkarainen gur druncaire é. Ní hé an locht is mó atá air fiú gur ciníochaí é. Is é an locht is mó atá air ná gur caimiléir, mealltóir agus fealltóir é. Deir sé go bhfuil sé tar éis béasa a athrú i ndiaidh eachtraí a óige agus go bhfuil sé tar éis iompú chun creidimh – go dtí go dtagtar air agus é ar deargmheisce ag útamáil le cíocha an chailín ghriognochta i gclub struipeála. Deir sé nach bhfuil sé ina chiníochaí ach ina thírghráthóir – agus tógtar grianghraf de ag déanamh mórtachais leis an namhaid is mó atá ag tírghráthóirí traidisiúnta na Fionlainne ina dtír dhúchais féin. Sin é an cineál fear atá ann mar Teuvo, agus é le bheith ina ghuth dár dtír sa Bhruiséil.

 

Ach ar a laghad beidh sé breá sásta leis an saol a bheas aige thall ansin, nó tá an Bheilg ar thíortha móra na beorach. Thairis sin, is dócha go nglacfaidh sé an-dlúthpháirtíocht le Manneken-Pis, nuair a bheas a dhóthain de dheoch na tíre istigh aige.

 

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS : Hakkarainen Finland
Other Politics News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook