Tadhg an dá thaobhachas ag na meáin Fhionlannacha - arís eile
2019-05-01 15:36:38 -
Politics
0
6360

Panu Höglund

 

Chuaigh an t-olltoghchán thart, agus táthar ag iarraidh comh-aireacht rialtais a chur i dtoll le chéile as an bparlaimint gan tromlach soiléir a vótáladh isteach. Bhí an chuma ar an scéal ar dtús go raibh cuid mhór de thacaíocht na bhFíor-Fhionlannach imithe i ndiaidh na scoilte sa bhliain 2017. Ach nuair a chrom ár meáin chumarsáide ar a gcuid canbhásála a dhéanamh dóibh, d’éirigh leo a gcuid suíomh sa pharlaimint a choinneáil.

 

Is é an fonn a bhí á cheol ag an gcuid is mó de na nuachtáin agus na meáin chumarsáide a fhad is a bhí an feachtas toghchánaíochta faoi lán an tseoil ná go gcaithfeá bheith ”tuisceanach” i dtaobh na bpobalóirí ciníocha agus nach mba chóir duit iad a ”eisiamh”. Mar shampla den tuisceanacht seo ní fheicfeá an focal ”ciníochas” in úsáid ag na nuachtánaithe ar aon nós agus iad ag tagairt do na Fíor-Fhionlannaigh.

 

Scéal eile ar fad a bhí ann áfach nuair a tháinig chun solais go raibh Feisire nua de chuid an pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta, fear de phór na hIaráice, tar éis ráitis chiníocha, fhrith-Sheimíteacha mar shampla, a fhoilsiú sna meáin shóisialta na blianta ó shin. Chuaigh na nuachtáin ar mire ar fad agus an iarracht seo ní raibh amhras ar bith ar na hiriseoirí ainm mór an “chiníochaí” a bhaisteadh ar an bhfear bocht.

 

Ghabh sé a mhíle leithscéal faoina raibh ráite aige fadó, agus é ag áitiú go raibh athrú tagtha ar a smaointeachas idir an dá linn – rinne sé fiú iarracht míniúchán cuimsitheach a thabhairt ar an drochoidhreacht a fuair sé óna athair agus ar an dóigh a ndeachaigh caidreamh agus cairdeas le daoine ó dhreamanna eitneacha éagsúla i bhfeidhm air ina dhiaidh sin.

 

Ach tá a fhios againn nach bhfuil i gcuid mhór de mheáin chumarsáide ár linne ach súmairí gan trua gan trócaire. Bhí gach iriseoir a chodail amuigh ag tabhairt a bhreithiúnais ar leithscéal an fhir óig, agus iad ag sárú a chéile ag tabhairt le fios nach bhfuair siad go raibh sé ionraic. Mar sin, arís eile ní raibh iontu arís eile ach bolscairí do na Fíor-Fhionlannaigh.

 

Sin é an chuma atá ar nuachtáin an phríomhshrutha san Fhionlainn inniu: níl siad puinn níos fearr ná leathanaigh bholscaireachta na gciníochaithe ar an Idirlíon. Níl de mhisneach acu ciníochas a chur i leith tuathghríosóirí gealchraicneacha atá ag éileamh sluamharú an lucht inimirce go léir, nó rud is measa ná sin, ina gcuid scríbhinní Idirlín. Má deir duine den lucht inimirce rud éigin as cosán, áfach, ní leor leithscéal ar bith.

__

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS : media racist Finland
Other Politics News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook