Pobalóireacht na h-eite deise … agus ateacht na sibhialtachta
2019-04-01 15:35:52 -
Politics
0
1848

Panu Höglund

 

Ceann de na gnéithe is suntasaí de phobalóireacht chiníoch na heite deise is ea an fhimíneacht. Sula raibh an ciníochas chomh faiseanta is atá inniu, ba mhinic a bhí gluaiseachtaí den chineál chéanna – na páirtithe céanna a chuaigh le ciníochas ina dhiaidh sin – ag áitiú go raibh siad ag cur troda ar an éilliú agus ar an truailliú sa tsaol phoiblí.

 

I mbolscaireacht Donald Trump, mar shampla, is é ”draenáil an tseascainn” an meafar is coitianta, agus is é an fonn céanna a chluinfeá á chrochadh ag na pobalóirí san Fhionlainn.

 

Na tíortha inar tháinig páirtithe den chineál seo i seilbh na cumhachta, áfach, is iad na tíortha is mó atá lofa le héilliú i ndáiríribh. Is iad an rialtas dlíthiúil, an dlí cothrom agus feidhmiú ceart an dlí na gléis is fearr le smacht agus srianta a chur leis an éilliú, ach ina n-áit sin ní bhíonn ach sluánaíocht agus gaisce folamh ar siúl ag na pobalóirí. In áit a bheith ag treisiú le dlíthiúlacht an rialtais ní bhíonn siad ach ag gealladh ”déine in aghaidh an éillithe” nach dtéann in aghaidh an éillithe, ach ina n-aghaidh siúd atá ag iarraidh an t-éilliú a nochtadh agus a chur faoi bhráid an náisiúin.

 

Chonaic muid sampla de sin sa tSlóvaic. An bhean a ghnóthaigh an chéad bhabhta i dtoghcháin an Uachtaráin i mbliana, mar atá, Zuzana Čaputová, bhí sí i dtuilleamaí dea-nósanna agus sibhialtais in áit an chineál madrúlachta is dual do pholaitíocht na hEorpa san am duairc seo. Agus iontas na n-iontas, chuaigh a teachtaireacht i bhfeidhm ar mhuintir a tíre, cé nach eol dúinn go fóill, agus an t-alt seo ag dul i bprionta, cad é mar a éireos léi sa dara babhta.

 

Is éard is cúis leis an rath seo ná gur aithin na Slóvacaigh an difríocht idir teoiric agus cleachtas na pobalóireachta ar dhóigh róthraigéideach anuraidh, nuair a dúnmharaíodh an bheirt iriseoirí, Ján Kuciak agus Martina Kušnírová, in Galanta, cathair bheag in Iarthar na Slóvaice. Ar an éilliú go díreach a bhí an lánúin ag déanamh taighde agus tuairisceoireacht, agus sa deireadh d’íoc siad deachú a misnigh.

 

Dealraíonn sé áfach gurb iomaí súil a d’oscail an mhairtíreacht sin sa tSlóvaic. An Príomh-Aire Robert Fico a bhí ag déanamh aithrise ar amadántacht na bpobalóirí eite deise cé go mbaineann a pháirtí féin leis an eite chlé go stairiúil, fuair sé ciallmhar éirí as i ndiaidh an dúnmharaithe le freagracht a ghlacadh, agus nuair atá mé ag scríobh an méid seo, dealraíonn sé go bhfuil muintir na Slóvaice chomh tinn tuirseach den bhréagchráifeacht is den éitheach a ghabhas leis an bpobalóireacht chiníoch is gur fearr leo bean shibhialta mar Uachtarán an turas seo.

 

Tír í an tSlóvaic nach minic a fuair a ceart i saol na hEorpa. Ba deas ar fad dá nglacfadh sí tóirse na sibhialtachta le deireadh a chur leis an dorchadas atá ag leathnú ar fud ár n-ilchríche – dá mb’ionann ainm na Slóvaice agus ainm na saoirse feasta.

__

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS : right-wing corruption government Slovakia
Other Politics News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook