An bhfuil tú á fháil? Oideachas agus toiliú
2019-04-01 14:41:50 -
Crime
0
1985

Le Céira Meehan

 

Sa lá atá inniu ann tá níos mó comhrá ar siúl maidir le toiliú gnéis. Is ceist chearta daonna é agus is rud tábhachtach é go bhfuil daoine á phlé. San am a caitheadh, ní raibh daoine ag caint faoi rudaí mar seo, rud a d’fhág mórán daoine ar an-bheagán eolais, ach tá sin ag athrú.

 

Chuir Coláiste na hOllscoile Corcaigh tús le modúl ar thoiliú gnéis, ar ghnéithe dlíthiúla de choir an éignithe agus ar dhrochíde baile ar fáil do mhic léinn le dlí i 2016. Cuireadh an modúl ar fáil ar bhonn trialach ar feadh bliana agus ansin ó mhí Mheán Fómhair 2017 amach, rinneadh modúl éigeantach de do mhic léinn dlí. Dúirt Oifigeach Leasa Shóisialaigh an Choláiste Katie Quinlan i UCC Express gur céim thábhachtach é an modúl chun dul i ngleic leis na laigí móra atá sa chóras oideachais maidir leis na ceisteanna seo.

 

Dúirt Katie go dtéann mic léinn ar aghaidh chuig an tríú leibhéal gan eolas bunúsach acu faoi shláinte intinne, drugaí, fadhbanna a bhaineann le halcól agus toiliú gnéis: “Tá oideachas bunscoile agus meánscoile ag teip ar na mic léinn.”

 

Feachtas mac léinn

Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ag tacú le feachtas a thionscain beirt mhac léinn, Sarah Egan agus Hazel Curtis, ó Scoil na hEalaíne agus Deartha, Luimneach. Is é teideal an fheachtais ná “Are you getting it?,” ceist i dtaca le cead, ceist a chiallaíonn “an dtuigeann tú?”; “an bhfuil tú á fháil?”; “an bhfuil tú ag fáil ceada?”

 

Bhí an USI chomh sásta leis an bhfeachtas go bhfuil siad ag iarraidh an feachtas a scaipeadh ar bhonn náisiúnta chun aird a tharraingt ar thoiliú gnéis, go háirithe do mhic léinn tríú leibhéal. Dar leis na dearthóirí d’fhás an feachtas as a gcuid scileanna cruthaitheacha a chur ar fáil le dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceist an-tábhachtach, agus deir siad go mbeidís breá sásta mura bhfeicfeadh ach duine amháin toradh a gcuid oibre, ach go spreagfaí an duine sin le smaoineamh ar bhealach difriúil maidir le toiliú gnéis.

 

Thug an gluaiseacht #MeToo misneach do dhaoine chun an t-ábhar seo a phlé chomh maith. Is feiniméan mór é feachtas ‘#MeToo’. Ar na meáin shóisialta bíonn daoine in ann seasamh lena chéile lena ndlúthpháirtíocht le híospartaigh ionsaithe gnéis a chur in iúl.

 

Thosaigh an ghluaiseacht ar bhealach simplí ach suimiúil. Chuir ban-aisteoir Alyssa Milano giolc amach leis an haischlib #MeToo, ag tabhairt cuireadh do mhná a gcuid scéalta a roinnt. Laistigh de 24 uair ón am a chuir Alyssa an giolc sin amach, bhain 4.7 milliún duine úsáid as an haischlib sin, de réir Facebook.

 

Is feiniméan domhanda é #MeToo ar go leor cúiseanna:

 

Ba í Alyssa Milano a chuir tús leis agus tá an-tionchar aici ar na meáin shóisialta

 

Is luachanna uilíocha agus buana iad seo atá á léiriú tríd #MeToo

 

Ar Twitter tá tú in ann ‘athghiolc’ a dhéanamh agus ar Facebook is féidir a chur in iúl go bhfuil tú ‘sásta’ le rud, mar sin trí chliceáil amháin a dhéanamh tá daoine in ann seasamh le chéile in aghaidh drochúsáide gnéis

 

#IBelieveHer

Sa tír seo tháinig an haischlib #IBelieveHer chun cinn. Gluaiseacht eile ar líne, cosúil le #MeToo, chun daoine a spreagadh lena ndlúthpháirtíocht le híospartaigh ionsaithe gnéis a léiriú.

 

I dtosach na bliana 2018, bhí uafás agus alltacht ar mhná agus ar fhir a fhaid is a bhí ceathrar fear óga ar a dtriail i mBéal Feirste maidir le héigniú. Ba chosúla go raibh an bhean óg a hionsaíodh ar a triail. Lá I ndiaidh lae, chualathas mionsonraí pearsanta faoin mbean óg á bpoibliú agus bhraith go leor daoine gur ath-éigniú poiblí a rinneadh ar an mbean óg le linn na trialach. Bhí foireann dlíodóirí dá chuid féin ag gach duine de na fir óga a bhí á gcúiseamh agus mar sin cuireadh an bhean óg faoi dhiancheistiúchán ceithre huaire as a chéile ar bhealach brúidiúil, neamhthrócaireach. Ní raibh pobal na hÉireann, ó thuaidh ná ó dheas, sásta leis seo.

 

Ag deireadh na trialach, chinn an giúiré go raibh na fir neamhchiontach. Bhí fearg ar go leor daoine leis an bhfíorasc sin agus iad ag rá go raibh an triail an-dian ar an mbean óg. Toradh suntasach a bhí ar an triail seo, agus ar an gcaoi ar láimhseáladh é, ná go gcuirfí lagmhisneach ar mhórán daoine maidir le teacht chun cinn Gardaí nó Poilíní dá ndéanfaí ionsaí gnéis orthu agus is é sin a fáth gur scaip an haischlib go mear ar fud an bhaill.

 

Bhí a lán daoine ag rá go raibh cinneadh an ghiúiré mícheart agus gur chreid siad an bhean óg. Bhí daoine ar líne ag giolcaireacht agus ag seoladh teachtaireachtaí ar líne leis an haischlib #IBelieveHer. Bhí agóidí ar siúl timpeall na tíre chomh maith, chun tacaíocht agus dlúthpháirtíocht leis an mbean óg seo a chur in iúl.

 

#ThisIsNotConsent

Tháinig gluaiseacht eile fós chun cinn sa tír seo le déanaí maidir le toiliú gnéis, gluaiseacht a d’eascair as triail éignithe a bhí ar siúl i mí na Samhna 2018 i gCorcaigh. Sa chás seo fuarthas fear fiche seacht mbliana d’aois neamhchiontach as éigniú mná óig seacht mbliana déag d’aois. I rith na trialach d’iarr abhcóide an fhir óig ar an ngiúiré aird a thabhairt ar an saghas fo-éadaí a bhí á chaitheamh ag an mbean óg ar an oíche a bhí i gceist. Is rud scannalach é sin, bhí an abhcóide ag rá gur thug na fo-éadaí a bhí ar an mbean le fios go raibh an bhean ag iarraidh gnéis, ag thabhairt a toiliithe — ach níl sin ceart in aon chor.

 

Is cuma céard atá á chaitheamh agat, is cuma má tá tú nocht, ní hionann sin agus toiliú. Ón am a tháinig an scéal sin amach tháinig freagra feargach ar ais ón bpobal. Chuir daoine grianghraif dá gcuid fo-éadach ar líne leis an haischlib #ThisIsNotConsent, agus iad ag rá gur cuma cén saghas fo-éadach a chaitheann tú, níl hionann sin agus toiliú a thabhairt ná a chur in iúl.

 

Le déanaí tá an pobal níos glóraí maidir le toiliú gnéis agus is rud iontach é seo. Tá na meáin shóisialta ag thabhairt ardáin ollmhór do dhaoine chun sheasamh lena chéile mar íospartaigh éignithe agus aird a tharraingt ar thoiliú gnéis. Agus é sin ráite, tá obair fós le déanamh ag na scoileanna agus ag an gcóras oideachais ar fad chun an t-eolas faoi thábhacht thoilithe gnéis a mhúineadh do dhaoine óga.

TAGS : Irish language sexual assault consent student activism
Other Crime News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook