Matti Nykänen ina dhuine trioblóideach
2019-03-01 00:00:00 -
Column
2
20359

Panu Höglund

 

Ní chuireann muintir na hÉireann suim ná suaiméid sa scíléimneach, díograiseach is uile mar a bhíos na Gaeil i dtaobh lúthchleasaíochta, ach is breá leis na Fionlannaigh na cineálacha lúithnireachta a bhaineas leis an sneachta agus leis an oighear: scíáil trastíre, scíléimneach, haca oighir — bain do rogha astu.

 

Cineál deasghnáth é do mhuintir na Fionlainne an scíléimneach, Lá na Caille: is ar an lá sin a chraoltar an comórtas scíléimní ó Garmisch-Partenkirchen. Cuid den ‘Vierschanzen-Tournee’ é, nó de ‘Thurnaimint na gCeithre gCnoc’, turnaimint chlúiteach scíléimní: is iad comórtais Innsbruck, Bischofshofen agus Oberstdorf na trí cinn eile, agus san Fhionlainn is gnách ‘seachtain scíléimní na Gearmáine is na hOstaire’ a thabhairt ar an turnaimint seo.

 

Faoi dheireadh na n-ochtóidí ba é Matti Nykänen ba mhó a mhealladh Fionlannaigh chuig an teilifís i rith na seachtaine sin, agus mar ba nós leis féin a rá: “Is í an Ghearmáin-Ostair an dara tír dhúchais atá agam.” (Mar a bheadh aon tír amháin ann.) Ní féidir an méid sin a shéanadh ach an oiread!.

 

Is i dtús na seascaidí a tháinig seisean chun saoil, agus nuair a bhí sé ina dhéagóir, thosaigh sé ag gnóthú comórtas scíléimní i ndiaidh a chéile: máistreachtaí domhanda, boinn óir sna cluichí Oilimpeacha. Scíléimneoir gan a leathbhreac eile a bhí ann. San am chéanna, áfach, ba léir go raibh trioblóidí áirithe dá chuid féin a bhí ag luí air.

 

Bhí an traenálaí de dhíth air le hé a choinneáil ar shiúl ón mbiotáille, agus mar sin níor fhoghlaim sé staonadh ón ól as a stuaim féin. Agus ba dhual dó bruíon a bheochan agus troid a tharraingt nuair a bhí sé ar meisce. Bhí sé ag pósadh agus ag tréigean bean i ndiaidh a chéile, agus na mná ag tabhairt grá don laoch lúithnireachta ar dtús is ag tuirsiú den fhoréigean tinteáin ina dhiaidh sin.

 

Ní raibh slí bheatha cheart ar fáil do mo dhuine i ndiaidh dó deireadh a chur leis an lúthchleasaíocht ach an oiread. Mar sin ní raibh le déanamh aige ach comhoibriú le liarlóg chaidéise amháin le hairgead a shaothrú. Go bunúsach is éard a bhíodh ar obair aige ná scannail a tharraingt agus an liarlóg chéanna ag tabhairt tuairisce ar na scannail go léir - agus ag íoc éiric na scannal leis an bhfear.

 

Anois tá Nykänen marbh, agus is dócha nach gciúnóidh an díospóireacht faoina shaol tragóideach síos ach de réir a chéile, gan trácht a dhéanamh ar chinniúint na n-iarlúithnirí eile.

 

Nuair a bhí blianta na lúithnireachta thart, ba mhinic ba bheag idir Nykänen agus alcólach sráide, agus le fírinne dealraíonn sé gur alcólaigh sráide ba mhó a bhí ag déanamh cairdis agus cuideachta dó i laethanta sin a dhrabhláis.

 

A fhad is a bhí sé ag scíléimneoireacht, bhí muid sásta ár gcomhionannú a dhéanamh leis mar náisiún agus dearcadh ar a chuid bonn óir mar a bheadh seodra dár gcuid féin iontu. Nuair a thosaigh sé ag díol na mbonn sin le leigheas a phóite a cheannach, cá raibh muidne?

 

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook