Panu Höglund
I dtús na bliana bhí an Fhionlainn ar coipeadh le scéalta faoi ”ghrúmáil” na gcailíní óga. Bhí dornán de stócaigh a raibh cúlra inimirce acu gafa ag na póilíní agus amhras fúthu go raibh siad tar éis ciontú le gearrchailí faoi aois — agus ar ndóigh bhí lucht ciníochais an Idirlín ag cur i dtíortha faoin díoltas a bhí siad le himirt ar ”na strainséirí” mar chnuasdream.
Faoin am atá an méid seo á scríobh agam tá fear éigin tar éis a bhagairt sna meáin shóisialta go maróidh sé triúr nó ceathrar de pháistí a bhfuil cuma Arabach orthu le seasamh na n-éignithe a bhaint as pobal an lucht inimirce, agus lucht a leanúna á ghríosú chun gnímh.
Maidir le polaiteoirí na bpáirtithe buirgéiseacha, ní raibh aon mhoill orthu a leas féin a bhaint as an histéire seo – agus ní údar iontais é, ó tá na holltoghcháin go díreach ag teannadh isteach.
Chuala muid iad ag tabhairt le fios ”nár thit a leithéid seo amach san Fhionlainn riamh” roimh theacht na ”sluaite dorcha” ón gcoigríoch. Ar ndóigh bhí teoiricí aiféiseacha ag dul timpeall faoin ról a bhí ag an Ioslam i ”bpéidifilia na nArabach”. Aon duine a gheobhadh locht orthu siúd a bhí ar an téad seo, chuirfí meon na cinsireachta ina leith, nó ”ní mór cead a bheith againn cúrsaí deacra a chardáil”.
Ina dhiaidh sin áfach d’iompaigh sé amach go raibh an fhírinne an-difriúil leis na luaidreáin histéireacha. Is éard a bhí i gceist ná fir óga, cuid acu nár tháinig i mbun a méide go fóill, agus iad ag iarraidh a gcuid a mhealladh ó chailíní sna luathdhéaga le beoir agus toitíní.
Cinnte ní cheadaíonn dlí na Fionlainne d’fhear naoi mblian déag d’aois oíche leathair a chaitheamh le cailín trí bliana déag d’aois, agus mar sin seasfaidh na diúlaigh seo triail agus mura n-éigiontaítear iad gearrfar seal príosúin dóibh.
Ach níl an scéal seo leath chomh drámatúil leis an gcéad leagan a chuaigh ar fud na meán. Níl fir fhásta ag fuadach tachráin bheaga lena sult a bhaint astu, agus níl cultúr ná creideamh iasachta ar bith i gceist: is léir nach raibh ann ach pleidhcíocht chollaí den chineál a d’fhoghlaim na buachaillí óna gcomhaoiseanna glan-Fhionlannacha.
Thairis sin níorbh é seo an chéad uair dá leithéid tarlú. Le fírinne chonaic muid a leithéid seo cúpla uair cheana féin, agus uair amháin ar a laghad is léir go raibh monarchanna bolscaireachta na Rúise ag déanamh a ndichill le tuilleadh a chur leis an histéire. Ba chóir go mbeadh na hiriseoirí in ann an fhoirmle réamhdhéanta bolscaireachta a aithint agus maolú ar an sceimhle coitianta, ach dealraíonn sé gur fearr leo dul le gach táinrith den chineál seo.
Cuid de scil phroifisiúnta an iriseora é bheith in ann miotais uirbeacha a aithint mar mhiotais uirbeacha. Ba chóir do na hiriseoirí, fosta, amhras a chur i scéalta a fhreagraíos go ró-mhionchruinn do na réamhbhreithiúnaisí ciníocha. Ar an drochuair is é an chuma atá ar an scéal ná nach bhfuil an scil phroifisiúnta sin ag na hiriseoirí Fionlainnise san Fhionlainn.
Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.