An Outside View/Léargas Taobh Amuigh: Slán go deo ag an bhFionlainnis
2019-01-01 12:21:28 -
Opinion
0
34517

 

By Panu Höglund

 

Nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i m’fhear óg shónta shaontach dom, ba ábhar dubhiontais domh an dóigh a ndeachaigh an teanga de bhéal na nGael, chomh luath, chomh tobann. Mar a tuigeadh an scéal dom, ghlac bunadh na hÉireann snomh lena seanteanga agus iad á tréigean ar mhaithe leis an mBéarla chomh tiubh teirimeach is nár tharla a leithéid in aon bhall eile den Eoraip riamh i ndiaidh bhás na Gaillise faoi dheireadh na seanársaíochta.

Cad é mar a d’fhéadfá fuath a thabhairt do do theanga dhúchais ar aon nós? Don teanga ar tógadh thú léi, do theanga do thinteáin, do theallaigh agus do thuismitheoirí? Fadó fadó níor thuig mé é, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil tháinig an tuiscint sin agam le déanaí.

Is dócha gurb eol do mo chuid léitheoirí gur chaith mé na blianta 2006-2013 ag scríobh blagmhíreanna do phortal mhór idirlín ins an Fhionlainn. Chaith mé mo dhúthracht leis an obair seo ag iarraidh a chruthú go raibh an ceart ag lucht m’fhostaithe. Nárbh é sin ba dhual dom, ó fuair mé sean-náisiúnachas cultúrtha na Fionlainne mar oidhreacht ó mo mhuintir?

Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, níor theastaigh mé ach amháin le haghaidh feachtais in aghaidh na heite clé. Nuair nach raibh mé ag tarraingt pá mar bhlagscríbhneoir go fóill, ba mhinic dom locht a fháil ar pholasaithe na heite clé, ó bhí an lámh in uachtar ag na Daonlathaigh Shóisialta i saol polaitíochta na Fionlainne san am, agus ní chaithfeá a bheith i do radacach eite deise le bheith tuirsithe den tseanbhunaíocht sin. Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an tátal a bhain lucht an phortail as mo chuid scríbhinní go mbeinn breá sásta tacú agus treisiú le brúidiúlacht eite deise de gach cineál, an ciníochas go mór mór san áireamh.

A fhad is a bhí mé, abair, ag fáil loicht ar na gnéithe is aiféisí den fheimíneachas, bhí léiritheoir an phortail breá sásta mé a chosaint ar a n-ionsaithe siúd ón eite chlé a bhí ag éileamh go sacálfaí mé. Nuair a thosaigh lucht na heite deise antoiscí ag scríobh cacamais sa bhosca aisfhreagra, áfach, - d’imigh sin agus tháinig seo. Ní raibh cosaint ar bith ar fáil, agus is é an fonn a chroch an léiritheoir gurb orm féin a bhí an locht – go raibh mé ag tarraingt na seantithe anuas orm.

Ar ndóigh ní raibh mé ar an t-aon duine amháin a bhí ag criticeoireacht chiníochas na heite deise ‘malartaí’ san am sin (cé go raibh cúpla bliain le himeacht sula dtiocfadh an focal sin féin alt right ar an bhfód ar aon nós) ach ní dhearnadh targaid d’aon ghuth eile sna meáin mar a rinneadh díomsa. Is dócha agus is dealraitheach gurbh é an bhaint atá agam le gluaiseacht na Gaeilge ba chúis leis sin. Cuid thábhachtach d’idé-eolaíocht na heite deise antoiscí is ea an fuath don ”íochtarán”, agus is ionann treisiú leis an íochtarán agus treisiú le teanga mhionlaigh.

Nuair a thug an portal an sac dom ní raibh mé i bhfad ag fáil amach go raibh mé dofhostaithe amach is amach sna meáin Fhionlainnise. Ní hamháin nach rabhthas sásta mé a fhostú mar cholúnaí a thuilleadh. Nílim, fiú, ag teastáil le haghaidh altanna faoin nGaeilge féin. Le cúpla bliain anuas chuaigh roinnt acu i bprionta sa phreas Fionlainnise. Shílfeá go rachadh lucht scríofa a leithéide ar lorg an t-aon duine amháin ina dtír féin a bhfuil saothar Gaeilge foilsithe aige le tuilleadh eolais a fháil. Ach ní mar a shíltear a bhítear.

Is féidir liom ceann den dá thátal seo a bhaint as an scéal: An chéad rogha, ná, nach raibh mórán maithe ionam mar scríbhneoir Fionlainnise riamh, agus nár fostaíodh mé ach ar chúiseanna polaitiúla. Tá mé breá sásta a admháil gur féidir gurb amhlaidh, toisc nach é an scríbhneoir féin an duine is fearr lena shaothar féin a mheasúnú. An dara rogha, ná, go raibh gach moladh tuillte agam, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne nach raibh na scileanna scríbhneoireachta in aon neasacht do bheith chomh tábhachtach leis an bpolaitíocht, le toil uilechumhachtach an alt-right. An duine ar bhain an t-alt-right cead cainte de i saol na Fionlainnise, is neamhphearsa é, agus sin a bhfuil de.

An féidir mé a lochtú toisc nach gcuireann an Fhionlainnis féin, mo theanga dhúchais, ach déistin orm inniu? Ar an dea-uair, tá teangacha eile ar an domhan seo, agus cúpla ceann acu chomh líofa agam is gur féidir liom úsáid a bhaint astu le litríocht a scríobh. An Ghaeilge, mar shampla. Más fíor féin nach bhfuil cead agam saothar frith-chiníochais a bhreacadh síos i mo theanga dhúchais féin, tá mé suite siúráilte go bhfuil fáilte agus fiche ag lucht na Gaeilge roimh a leithéid inniu, agus cuid mhaith daoine de shliocht na muintire isteach ag déanamh a gcuid féin den teanga.

Fionlannach agus scríbhneoir Gaeilge é Panu Höglund. Is é an leabhar is úire a tháinig óna pheann ná an scéinséir frithchiníochais Tine sa Chácóin.

TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook