The New Irish/Na Nua-Éireannaigh: Westlife: tógann tú suas dom
2018-12-01 13:45:06 -
Opinion
1
22512

 

By Le Céira Meehan

 

Má tá tú i gclub oíche in Éirinn agus tagann aon amhráin le Westlife ar siúl, tagann gach duine amach ag damhsa agus ag screadach láithreach. Tá rianta ag an ngrúpa seo a bhfuil stádas acu mar chlasaic faoin am seo, agus seans go mbeidh siad ina gclasaicí go deo.

I 1998 tháinig Westlife chun cinn i saol an cheoil. Bhí cúigear acu ann, triúr ó Shligeach: Shane Filan, Mark Feehily agus Kian Egan, chomh maith le beirt ó Bhaile Átha Cliath: Nicky Byrne agus Brian McFadden. Síonadh an grúpa leis an bhfear é féin, Simon Cowell, agus bhí Louis Walsh agus Sonny Takhar mar bhainisteoirí.

Tháinig an chéad albam amach i 1999, fiche bliain ó shin — Westlife an t-ainm a bhí ar an albam agus tharraing sé clú idirnáisiúnta ar an ngrúpa. Bhí, agus tá fós, lucht leanúna de gach aois acu.

Gach bliain bhí albam nua ag Westlife agus iad ag éirí níos mó gach lá. Ansin i 2004, roimh a gcamchuairt Turnaround, bhris an drochscéala go raibh Brian McFadden tar éis an banna a fhágáil. Bhí go leor daoine croíbhriste. Anois ní raibh ann ach ceathrar, Shane, Mark, Kian, agus Nicky ach níor chuir sin stop leis an gclú a bhí ar Westlife, bhí lucht leanúna an-mhór acu.

Dhíol Westlife 40 milliún albam stiúideo agus 55 milliún rian singil. Bhí 14 amhrán ag uimhir a haon sna cairteacha acu, chomh maith le seacht n-albam ag uimhir a haon. Bhí an banna ag eisiúint ceoil nua agus ar camchuairteanna éagsúla go tráthrialta uas go dtí 2012.

I Feabhra 2012 chuir Westlife tús le The Greatest Hits Tour. Rinne siad 33 seó san Eoraip agus 8 seó san Áise, agus chuireadar an taispeántas is fearr agus is mó ar siúl dá lucht leanúna baile i bPáirc an Chrócaigh ar an 23 Meitheamh. Bhaist an grúpa The Farewell Tour mar fhotheideal leis an gcamchuairt sin agus is fíor nach bhfacthas ar an mbóthar ná ar stáitse ó shin iad.

Tá claonadh i dtionscal an cheoil, nuair a bhriseann bannaí suas agus nuair a scaipeann na baill i dtreonna éagsúla nach fada go bhfuiltear ag caint ar theacht ar ais le chéile agus camchuairt eile a dhéanamh. Ón am a bhí The Farewell Tour thart, bhí daoine ag gríosadh na mbuachaillí í Westlife tabhairt faoi theacht le chéile arís. Chuaigh ráflaí amach go rialta go raibh siad le teacht ar ais le chéile.

Seacht mbliana i ndiaidh The Farewell Tour, tá Westlife ag dul leis an gclaonadh. Tá siad ag teacht ar ais le chéile, ag dul ar camchuairt arís agus ag gabháil ceol nua a chur amach. Beidh na leads a dhéanamh seó i 2019, ag ceiliúradh 20 bliain de cheol ón ghrúpa den scoth, Westlife.

The Twenty Tour an t-ainm atá ar an gcamchuairt. Camchuairt ar fheabhas a bheidh ann, cinnte, leis na clasaicí, agus gan dabht ceol nua iontach cé a bheidh eisithe acu faoin am sin. Clúdóidh siad An Ríocht Aontaithe agus Éire sa chamchairt, agus arís beidh an seó deireanach agus an seó is mó acu i bPáirc an Chrócaigh. Beidh a lucht leanúna ar tinneall le sceitimíní as seo go dtí sin!

TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook