An Outside View/Léargas Taobh Amuigh: Scéal na misinéirí a chodail amuigh
2018-12-01 13:37:55 -
Opinion
0
20197

 

By Panu Höglund

 

I dtús báire seo caithfidh mé a rá nach bhfuil mé orthu siúd nach bhfuil ach drochrudaí le rá acu i dtaobh na misinéirí Críostaí. Is é an gnáthscéal a bhíos le cloisteáil ó lucht na drochthola ná gur cinedhíothú cultúrtha amach is amach a bhí i gceist leis an misinéireacht riamh, agus sin a bhfuil le rá fúithi.

An té a dhéanfas staidéar ar stair Mheiriceá Theas, abair, tiocfaidh sé ar a lán frithshamplaí, áfach: ba mhinic nach raibh an Eaglais Chaitliceach sásta cabhrú leis an impiriúlachas ar aon nós, agus le fírinne in áiteanna agus in amanta ba iad na misinéirí Caitliceacha an t-aon sciath chosanta a bhí ag na pobail bhundúchasacha ar an impiriúlachas creachach.

Mar sin, bheadh sé mícheart dul thar fóir ag lochtú na misinéirí. Ach ón taobh eile de, chonaic muid san Fhionlainn sampla maith den drochmhisinéireacht nuair a bhí Mí na Samhna ag druidim chun deiridh. Nó ansin chuaigh an scéal ar fud na meán gur gabhadh ceathrar Fionlannach sa Mhalaeisia agus iad ag scaipeadh soiscéal Dé, dar leo féin.

Is é sin, ag scaipeadh billeoga a raibh sleachta Bíobla i gcló orthu – sa teanga áitiúil, is dócha, ach ós sa Téalainn ba mhó a bhí na misinéirí céanna gníomhach, tá sé incheaptha gurb i dTéalainnis a bhí na billeoga priontáilte, i dteanga nach bhfuil gaol ná páirt aici leis an Malaeis.

Tír Ioslamach í an Mhalaeisia, agus tá diansrianta curtha leis na sainchreidimh éagsúla Chríostaí ansin. Thar aon rud eile níl cead acu aon duine a iompú ar a gcreideamh féin, agus is tromchion é an t-aindiachas. Ba é sin an mhír den dlí áitiúil a chaill na Fionlannaigh úd. Mar a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, ní raibh focal den teanga áitiúil – an Mhalaeis, nach bhfuil ar theangacha deacra an domhain ar aon nós – sa phluc acu, agus dealraíonn sé nach raibh an Béarla féin rólíofa acu.

Nuair a ghlaoigh duine acu ar an teileafón ar an bhFeisire Fhionlannach, Mika Niikko, cara leis, b’éigin dó iarraidh ar an bhFeisire teanga a dhéanamh dó leis na póilíní Malaeisiacha (a raibh scoth an Bhéarla acu, ar ndóigh) a bhí ag éisteacht leis an gcomhrá.

Is féidir linn locht a fháil ar chosc na misinéireachta sa Mhalaeisia, ach ní féidir gan iontas a dhéanamh de na ‘misinéirí’ leathmhagaidh seo agus an dímheas a bhí acu ar mhuintir na tíre ina raibh siad in ainm is a bheith ag craobhscaoileadh an tSoiscéil.

Sna laethanta a bhí, daoine díograiseacha a bhí sna misinéirí agus iad sásta teangacha na dtíortha a staidéar is a fhoghlaim ina raibh siad ag seanmóiríocht agus an Bíobla a aistriú go dtí na teangacha céanna.

Sinne, na Fionlannaigh, chuala muid go léir iomrá ar Martti Rautanen, a d’oibrigh amach gramadach na teanga Ovambo sa Namaib; nó an Afraic Thiar Theas Ghearmánach, mar a thugtaí ar an tír sin san am. Níl i ‘misinéirí’ an lae inniu ach sop in áit na scuaibe i gcomparáid lena leithéidsean.

Le fírinne, is é an chuma atá ar an scéal ná nach raibh idir lámhaibh ag na ‘misinéirí’ ach sórt toghchánaíocht ar mhaithe le Mika Niikko féin. Chuaigh siad go tír Ioslamach nach raibh iomrá ródhona ná ródhainséarach uirthi agus tharraing siad na seantithe anuas orthu féin ó údaráis na tíre le loinnir an mhairtírigh a fháil, cé nach bhfuil, de réir an dealraimh atá ar na cúrsaí faoi láthair, ach fíneáil agus ruaigeadh as an Malaeisia i ndán dóibh. San am chéanna, tá Niikko ag baint a úsáide féin as solas iasachta na loinnreach sin, agus an t-olltoghchán ar na bacáin san Fhionlainn.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Comments
Change  
Total 0 comments.
Other Opinion News
Authors
Twitter
Facebook


Survey
What do you think about new Metro Eireann site
Great
Above average
Average
Below average
Very bad
Archive Search
- -