An Outside View/Léargas Taobh Amuigh: An ceadmhach ‘Naitsí’ a habhairt ar chiníochaí?
2018-11-01 14:18:47 -
Opinion
0
8008

 

By Panu Höglund

 

Is é an scéala deireanach ón bhFionlainn ná go bhfuil an dlí le cur ar an iriseoir mná Johanna V, toisc go bhfuil sí tar éis ‘Naitsí’ a thabhairt ar an gcomhairleoir cathrach Junes L.

Bhí V díreach ag tabhairt rabhaidh dá cuid cairde ar Facebook faoi gheáitsí L agus an dóigh a mbíodh sé ag cur isteach ar gach uile chineál ócáidí frithchiníocha, rud is eol dá lán againn, ar acht is go mbíonn súil éigin ar imeachtaí na heite deise antoiscí ar an Idirlíon.

Thairis sin bíonn L ag caidreamh daoine ó dhreamanna a dtugann ‘Sóisialaigh Náisiúnta’ orthu féin, agus nuair a tháinig an smaointeoir ciníoch Jared Taylor ar cuairt go dtí an Fhionlainn, bhí L ar duine acu siúd a d’eagraigh an turas agus an ócáid óráidíochta.

Dá réir sin is furasta an tátal a bhaint as na fíricí gur ”Naitsí” é L mar a thuigtear an focal sa ghnáthchaint. Mar sin féin nuair a rinne L gearán faoi V, ghlac an t-ionchúisitheoir poiblí i ndáiríre é.

Is é an teist atá ar L go bhfuil sé ar duine de na troill is mó i saol Idirlín na Fionlainne. Le fírinne chaithfeá gáire a dhéanamh faoina leithéid. Chomh haiféiseach is atá L mar charachtar, ní bhaineann sé a dhath den ardmheas atá ag fochultúr na heite deise antoiscí air. Dearcann an fochultúr sin ar L mar ”easaontóir cróga”, agus iad á urramú mar a bheadh laoch ann.

Anois, agus L ag iarraidh an dlí a chur ar “chlúmhillteoir” eile, is gá trácht éigin a dhéanamh ar a chuid nósanna labhartha féin: nuair a bhí an raidió ag iarraidh teacht i dteagmháil le mo dhuine thiar sa bhliain 2013 le hagallamh a chur air, is éard a dúirt mo dhuine ina bhlag ina dhiaidh sin gur “chuir striapach éigin ón raidió glaoch orm”. Agus ní eisceacht é seo ar aon nós; nó sin é an cineál cainte a bhíos aige gan stad gan staonadh.

An téarma a chiallaíos ‘leabhal’ ar leabhar na reacht san Fhionlainn, má aistríonn tú go cruinn é, gheobhaidh tú ”maslú na honóra”. Is iomaí duine a chuireas an cheist inniu ná, an bhfuil onóir ar bith fágtha ag L a d’fhéadfá a mhaslú leis an bhfocal “Naitsí”, go háirithe le taobhshúil ar chomh dlúth is a bhíos a chaidreamh leis na fíor-Nua-Naitsithe. San am chéanna ní bhíonn na húdaráis leath chomh fonnmhar gearáin ón taobh eile, mar a déarfá, a ghlacadh i ndáiríre.

Mé féin mar shampla bagraíodh orm cúpla seachtain ó shin – agus i bhfocail loma – go raibh mé féin agus mo bhean chéile i ndainséar ach “éirí as a bheith ag maslú na Sóisialach Náisiúnta”. Rinne mé gearán leis na húdaráis toisc gur imeaglú neamhdhlíthiúil a bhí i gceist, agus sin go neamh-dhébhríoch, ach ní raibh le fáil ó na póilíní ná ón ionchúisitheoir ach cur ó dhoras. Ní hé sin an fháilte a bhíos acu roimh leithéidí L.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook