An Outside View/Léargas Taobh Amuigh: Tá Fíor-Fhionlannach i gceannas ar an mBruiséil...
2018-10-01 12:12:30 -
Opinion
0
3237

 

By Panu Höglund

 

Corradh le bliain ó shin, chuaigh scoilt ar Pháirtí na Fhionlannach – páirtí na bpobalóirí agus na dtuathghríosóirí – agus is éard a tháinig ar an bhfód ná Páirtí na Todhchaí Goirme chomh maith leis na Fíor-Fhionlannaigh nua.

Níl i gceist leis an Todhchaí Ghorm ach páirtí tacair a chuir seanchathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach, Timo Soini, ar bun le go bhféadfadh sé fanacht ina Aire Gnóthaí Eachtracha go dtí an chéad toghchán parlaiminteach eile, agus dealraíonn sé nach mbeidh todhchaí ar bith i ndán don Todhchaí Ghorm ina dhiaidh sin. Beidh ailp mhaith airgid mar phinsean ag Soini, áfach, mar a bhíos i ndán do gach iar-Aire Rialtais.

Maidir le Jussi Halla-aho, an fuathghríosóir míchlúiteach ciníochais a tháinig i seilbh an pháirtí i ndiaidh do Soini an halmadóir a fhágáil uaidh, tá sé ina bhall de Phairlimint na hEorpa, agus é ag tabhairt orduithe do lucht an pháirtí trí na meáin shóisialta. Anois áfach tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé le filleadh ar an seanfhód, agus an fheisireacht Eorpach ar fáil d’Fhíor-Fhionlannach eile sna toghcháin atá ag teacht. Cé a thiocfas chun comharbais ar Halla-aho? Cé eile ach Teuvo Hakkarainen.

Is as Viitasaari do Hakkarainen, ceantar beag tuaithe in Oirthear na Fionlainne, agus saolaíodh do lánúin de ghnóthadóirí sábhadóireachta ansin é thiar sa bhliain 1960. Mar sin cuireadh in aithne do mhuintir na Fionlainne mar shábhadóir é, is é sin, fear ionraic oibre. Le fírinne áfach dealraíonn sé nach raibh ann riamh ach comhúinéir ghnó a thuismitheoirí, fear ar mhó a thuirsigh sé é féin ag druncaireacht ná ag sábhadóireacht.

Nuair a bhí sé sé bliana fichead d’aois, ghoid seisean agus a chuid cairde gréithe airgid an teampaill i Suomussalmi, agus an chuma ar an scéal go raibh airgead de dhíth ar an mbaicle le tuilleadh biotáille a íoc is a ól. Cé go ndearna sé iarrachtaí béasa a athrú agus dul le reiligiún, ní bhíodh sé i bhfad ag filleadh ar a sheanléim.

Ar dtús rinne paparazzi éigin grianghraf de Hakkarainen agus é leathnocht ag gríosú cailín struipeála i gclub oíche. Bhí tuilleadh den earra chéanna le teacht áfach. D’fháiltigh club gluaisrothaithe míchlúiteacha isteach chucu féin é le braoinín a ól, agus ba mhór an eachtra é, nó ina dhiaidh sin léigh muid sna hirisí caidéise go ndearna Hakkarainen iarracht oíche craicinn a cheannach ó Ghormach mná a bhí i láthair; ní raibh an Feisire sásta a chreidiúint nach striapach a bhí inti.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh sé fonnmhar chun an coimeadar a chur ar chailíní óna thír dhúchais féin. Le fírinne d’éirigh leis Veera Ruoho, feisire mná de chuid a pháirtí féin, a phógadh in aghaidh a tola-se le linn seisiún parlaiminte, ach má d’éirigh, tharraing an t-éacht seo a iaróg féin: ba dhóbair do Hakkarainen cloigeann Ruoho a iompú as alt, nó bhí sé chomh dona ar meisce is nach raibh sé ábalta neart a lámh a spáráil. Anois tá Hakkarainen leis an dlí a sheasamh, nó b’éigean do Ruoho dul faoi lansa an dochtúra le leigheas a fháil ón díobháil a rinne Hakkarainen di, agus dá réir sin, fuair sí nár mhiste di Hakkarainen a ghearán leis na póilíní faoi ionsaí agus slacairt.

An mbainfidh Hakkarainen suíochán amach i bParlaimint na hEorpa? Is dócha go mbainfidh. D’éirigh leis go maith sna toghcháin pharlaiminteacha roimhe seo – a mhalairt a bhí fíor i dtoghcháin na rialtas áitiúil, nó níl cead vótála sna toghcháin sin ach ag daoine a bhfuil aithne phearsanta acu ar Hakkarainen, agus de réir chosúlachta ní rithfeadh leis an gcuid is mó acu vóta a chaitheamh i bhfách le mo dhuine.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook