An Outside View/Léargas Taobh Amuigh: An bhfuil an Fhionlainn i gcomhréir le haghaidh príomh-aire faisisteach?
2018-11-01 16:14:47 -
Opinion
0
3767

 

By Panu Höglund

 

Nuair a d’éirigh Timo Soini as mar chathaoirleach ar an bPáirtí Fhionlannach, ba é Jussi Halla-aho a tháinig i gcomharbas air. Tá Halla-aho ar na carachtair is míchlúití i saol polaitiúil na Fionlainne, toisc gurbh eisean thar aon duine a rinne an ciníochas inghlactha sa phríomhshruth inár dtír.

Bhí Soini agus Halla-aho go minic in adharca a chéile nuair a bhí an chéad fhear acu i gceannas ar an bpáirtí, ós rud é gur pobalóir den tseandéanamh a bhí i Soini, agus an chuma ar an scéal go raibh tuiscint éigin aige ar leas na tíre agus na ndaoine faoi leatrom.

Halla-aho arís, is fear é ar cuma sa diabhal faoin dá rud. Go bunúsach is iad na smaointí ciníocha a chloisfeá ó eite dheis ‘mhalartach’ na Stát Aontaithe an t-aon idé-eolaíocht amháin atá aige, agus níl ciall aige fiú do smaointeachas traidisiúnta na heite deise radacaí san Fhionlainn, ós rud é nach bhfuil suim ná suiméad aige i gcultúr a thíre féin. Tipiciúil go leor ní dheachaigh sé san arm riamh – rud a shiombalaíos an difríocht idir eisean agus seanfhondúirí na heite deise antoiscí (fiche bliain ó shin ní fhéadfá stádas ar bith a bhaint amach sna ciorcail sin ach an tseirbhís armtha a bheith déanta agat).

Tá an chuma ag teacht ar an scéal áfach go bhfuil ag dul de Halla-aho ar na saolta seo smacht ceart a choinneáil ar a chuid trúpaí. Cé gur éirigh sé as an bpobalóireacht sheanaimseartha ar mhaithe leis an gciníochas nua-aimseartha, níor éirigh sé as an aisling bheith ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn an lá is faide anonn. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, áfach, caithfidh sé an chuid is fíochmhaire de na ciníochaithe a choinneáil taobh amuigh den pháirtí. Agus sin é an fhadhb mhór.

Sna laethanta a bhí ba é Halla-aho dia beag na heite deise antoiscí, ós fear léannta é a bhfuil céim an dochtúra aige i dteangacha Slavacha. Bhí sé bun os cionn ar fad le híomhá thraidisiúnta na nua-Fhaisisteach, nó is é an cineál daoine is túisce a shamhlófá leo ná maolchinn agus mionchiontóirí. Na daoine meánaicmeacha a roghnódh na gnáthchoimeádaigh thar na nua-Fhaisistigh, b’fhéidir go raibh dearcadh nua-Fhaisisteach ag cuid áirithe acu ach san am chéanna ní ligfeadh an phostúlacht dóibh tacaíocht a thabhairt d’idé-eolaíocht na gciontóirí sráide is na lumpen-phrólatáireach. Le teacht Halla-aho bhí antoisceach eite deise acu faoi dheireadh a bhféadfaidís a vóta a thabhairt dó.

Tá Halla-aho i bponc, áfach, agus é ag iarraidh a thabhairt le fios nach ionann é féin agus na ciontóirí sin. Níl difríocht ar bith idir eisean agus na maolchinn ó thaobh na ciníochaigh hidé-eolaíochta de. Sna laethanta a bhí, bhí seisean ar an t-aon bhlagadóir amháin san Fhionlainn a bhí in ann canúint ghalánta acadúil a chur ar an gciníochas, agus ba é sin an farasbarr a bhí aige ar na maolchinn.

D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Ní gnáth-ógchiontóirí iad na Nua-Naitsithe san Fhionlainn a thuilleadh, nó tá siadsan ag cur béim ar leith ar thábhacht an fhriotail liteartha ar na saolta seo agus iad ag déanamh a ndíchill le cuma an intleachtóra a chur orthu féin. Mar sin, is dual dóibh an cheist a chur orthu féin: cén fáth a bhfanfaidís dílis do Halla-aho feasta?

Tá an ciníochas nua-Naitsíoch chomh radacach mar idé-eolaíocht is nach bhfuil sé incheadaithe de réir aon bhunreacht daonlathach. Tá sé ag teacht salach ar an daonlathas chomh radacach is nach féidir leagan measartha den chiníochas a chruthú. Ós é an ciníochas an t-aon idé atá ag Halla-aho le haghaidh an pháirtí, ní féidir leis éirí as. Ón taobh eile de má chloíonn sé leis an gciníochas ní bheidh na maolchinn sásta a sheanurraim a thabhairt dó: níl cúis acu a thuilleadh le stádas speisialta a ghéilleadh dó mar cheannasaí.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook