An fiú a dhath a scríobh as Fionlainnis a thuilleadh?
2018-05-01 15:16:00 -
Opinion
1
23860
By Panu Höglund

Lá de na laethanta seo dúirt cara liom, iriseor mná a chonaic Murchadh agus í á hionsaí is á géarleanúint ar an Idirlíon ag na troill a fhaigheas tacaíocht ón Rúis, ná: :Is beag is suim liom saothar iriseoireachta a dhéanamh trí mheán na Fionlainnise, agus mé ag feiceáil iar-fheisirí parlaiminte féin ag scaipeadh bréaga fúm.”

Ba éard ba chúis leis na focail fheargacha seo ná go raibh iar-fheisire de chuid ár bparlaiminte, darb ainm James Hirvisaari, tar éis scéalta bréagnuachta a roinnt ina rabhthas ag ionsaí mo chara.
 
Tá troill na heite deise antoiscí – nach féidir iad a scaradh ó throill na Rúise – anuas uirthi le cúpla bliain anuas, agus fuair sí riachtanach a tír dhúchais a thréigean agus socrú síos i Lár na hEorpa le teacht slán. 

Ar ndóigh is beag duine san Fhionlainn a chreideas í, toisc go bhfuil an-mheas againn orainn féin agus ar ár gcead cainte. Chuala muid go léir ar scoil go bhfuil saoirse na cainte níos fearr san Fhionlainn ná in aon tír eile, agus is doiligh le haon duine a admháil nach bhfuil an ”fhírinne” seo, a bhfuil glacadh na coitiantachta léi – nach bhfuil an fhírinne seo leath chomh fíor is a d’fhoghlaim sé.

Is iomaí rud ba mheasa ná bréagscéalta Hirvisaari a d’fhulaing mo chara ar líne. Mar shampla, fuair sí gearrtheachtaireacht ó dhuine a lig air féin gurbh é a hathair é – ach le fírinne tá athair na mná seo ar shlí na fírinne le fiche bliain anuas. Mar sin bhí duine éigin de na troill sách suarach le próifíl idirlín a chur ar bun dó féin faoi ainm a hathar, ar shéala í a imeaglú.

Is eol do mo chuid léitheoirí gur chaill mé féin mo jab mar cholúnaí Fionlainnise toisc go ndearna na troill chéanna targaid díom, agus an portal Idirlín a raibh mé ag scríobh dó ar nós cuma liom faoi mé a chosaint ar an síor-imeaglú. 

Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaíodh mise thar aon duine eile. Ba é an t-ábhar, b’fhéidir, go ndúirt mé roimh aon duine eile san Fhionlainn gur chreid mé go raibh baint ag radacaigh Fhionlannacha na heite deise leis an Rúis. Tá sé incheaptha, áfach, nár thaitin sé leis na radacaigh chéanna go raibh mé i mo Ghaeilgeoir agus gur minic a scríobh mé faoi stair agus faoi chultúr na hÉireann as peirspictíocht an Ghaeilgeora. Is dual do na radacaigh seo fuath na ndaol a thabhairt do na mionlaigh go léir, agus is dócha gur ghoill sé ar a naircisíocht duine de mhuintir a dtíre féin a bheith ag tabhairt tacaíochta do theanga neamhfhorleathan ar nós na Gaeilge.

Nó tar éis an tsaoil agus i ndiaidh an iomláin, níl d’fhéiniúlacht ag lucht labhartha na Fionlainnise ach féiniúlacht an tromlaigh. An té a labhraíos Fionlainnis, is cuma leis faoi litríocht agus faoi oidhreacht na Fionlainnise. Is tábhachtaí agus is sultmhaire leis bheith ag mursantacht ar na mionlaigh dhúchasacha cosúil leis na Sualainniseoirí agus na Sámaigh, gan trácht a dhéanamh ar na hinimircigh. Déanann sé a chomhionannú le lucht labhartha na dteangacha móra, agus é in éad leo san am chéanna. Ní thuigeann sé cén fáth a mbacfadh aon duine a bhfuil Béarla – teanga an domhain mhóir – aige leis an nGaeilge ar aon nós, agus is cúis feirge dó mo leithéid a bheith ag saothrú na teanga sin.

Mé féin, is fearr liom a mhalairt de cheist a chur: Cé a bhacfadh leis an bhFionlainnis a thuilleadh? Is teanga í atá sealbhaithe ag troill na Rúise agus na heite deise antoiscí le fada an lá. An duine a fhéachfas leis an bhfírinne a insint trí mheán na teanga cuirfear an saol ó mhaith air; sa deireadh caithfidh sé slán a fhágáil ag a thír dhúchais. Tá an teanga goidte uaidh, agus ní féidir leis í a athshealbhú.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook