An Outside View/Léargas Taobh Amuig: Náisiúnachas de chineál aisteach san Fhionlainn
2018-05-15 10:59:24 -
Opinion
0
20130
 By Panu Höglund
 
  Ceann de na rudaí is mó a chuireas isteach orm faoin ‘eite dheis mhalartach’ san Fhionlainn ná an dóigh a ndéanann an dream sin fonóid faoi chiall an fhocail úd ‘náisiúnachas’. 
 
  Tá meas na náisiúnaithe móra orthu féin toisc go bhfuil fuath na ndaol acu do na hAfracaigh agus na Muslamaigh ach san am chéanna tá a gcuid Fionlainnise breac le hiasachtaí Béarla. Nuair a bhíos siad, mar shampla, ag plé chúrsaí a gcuid cumann agus eagraíochtaí – agus bí cinnte go bhfuil a lán eagraíochtaí acu, iad go léir in achrann a chéile – bíonn siad ag tagairt do “bhaill den chineál associate” nó do “lucht hang around”, mar shampla.
 
  Ar ndóigh fuair na ‘náisiúnaithe’ seo na téarmaí ar iasacht ó Lucht a hAon Faoin gCéad – is é sin ó na gluaisrothaithe coiriúla – agus le fírinne is deacair fochultúr na ‘náisiúnaithe’ Fionlannacha a aithint thar na dronga gluaisrothaíochta. 
 
  Dream idirnáisiúnta iad na gluaisrothaithe sin, agus is é an Béarla teanga na hidirnáisiúntachta. Ach is aisteach an cineál ‘náisiúnachais’ é náisiúnachas na gcoirpeoirí idirnáisiúnta. Aiféiseach fiú. Ba mhaith leat gáire a dhéanamh faoin bparadacsa seo, ach ní féidir leat, nó tá na ‘náisiúnaithe’ seo ar síorphatról ar an idirlíon agus ar na sráideanna araon, agus ní chuirfidís suas le haon gháire.
 
  Tá siad sách líofa ina dteanga náisiúnta féin le saol a gcuid eagraíochtaí a chardáil inti. Tá de chumhacht acu áfach an sac a bhaint amach d’aon iriseoir a phointeálfadh amach an amaidí. Agus maidir leis an iriseoir a sacáladh, ní bheidh láthair ar fáil dó feasta lena thaobh féin den scéal a chur in iúl don phobal. Nó is é an rud a chreidtear go coitianta sa bhaile is i gcéin ná nach bhfuil sárú na Fionlainne ann maidir leis an gcead cainte. Aon duine a chuireas amhras san fhírinne dhoshéanta seo, síltear go bhfuil sé ar mire.
 
  Thairis sin, is féidir a rá go bhfuil na ‘náisiúnaithe’ Gallbhácha úd tar éis deireadh a chur leis an tsíordhiospóireacht faoi chiall an Fhionlannachais arb í spórt náisiúnta na n-intleachtóirí Fionlannacha í nuair a bhí mé óg. Inniu, ní hiad na hiriseoirí ná na staraithe a shainmhíníos an Fionlannachas ach na náisiúnaithe féincheaptha, agus iad ag glacadh masla agus ag ionsaí aon duine a bhfuil fíoreolas aige i dtaobh ár staire agus é sách dalba le leabhar nó fiú alt a fhoilsiú fúithi.
 
  Íorónta go leor tá na ”tírghráthóirí” úd thar a bheith báúil leis an Rúis agus le Putin. Deir siad gurb eisean dóchas deireanach an ‘chine ghil’, agus iad ag áitiú ar aon duine a bhfuil siad easaontach leis ‘go dtiocfaidh Putin in achomaireacht le do leithéidí a chur in bhur dtost go deo’. Sin náisiúnachas de chineál aisteach, ós rud é gurb é Cogadh an Gheimhridh – an cogadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach – an tsiombail is láidire tírghrá sa tír seo.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook