Ní hí an Ghaeilge teanga na nGeal amháin
2018-07-15 14:38:40 -
Opinion
0
4652
By Panu Höglund

Tá a fhios ag Dia go bhfuil cuid mhór den díospóireacht phoiblí faoi stádas na Gaeilge i sochaí na hÉireann curtha ó mhaith ar fad ag daoine nach bhfuil an cúpla focal féin den teanga acu, rud nár choisc orthu riamh tuairimí láidire a bheith acu ina taobh. Daoine dea-oideachais iad go minic, ach amháin nár shroich an t-oideachas sin a fhad leis an nGaeilge riamh. 

Cinnte bhí an teanga ‘éigeantach’ acu ar scoil, ach ó bhí na tuismitheoirí ag síor-áitiú ar na daoine seo riamh nach mbeadh maith ar bith sa Ghaeilge sa saol phroifisiúnta dóibh, níor bhac siad léi. Le fírinne áfach níl an scéal chomh simplí sin, nó tá luach agus fiúntas proifisiúnta ag baint leis an teanga i ndáiríre, agus féach chomh feargach a fhágas an fhíric sin na Béarlóirí aonteangacha.

Go bunúsach tá eagla phríomhúil ar na Béarlóirí seo roimh an lá a thiocfas an Ghaeilge ar ais. Leath an ama bíonn siad ag áitiú orainn, mar a bheadh páistí beaga ionainn, gur teanga mharbh í agus nach féidir í a athbheochan. An leath eile bíonn siad ag insint scéalta uafáis faoi Ghaeilgeoirí mar a bheadh sórt Naitsithe iontu agus iad ag iarraidh an ‘ceart’ a bhaint de na daoine Béarla a labhairt. Bhuel, bíodh a theanga dhúchais ag gach duine faoi chroí mhór mhaith, ach is é an Béarla an teanga is lú atá faoi bhagairt i saol ár linne, agus tá sé seafóideach amach is amach a mhalairt a rá.

Naimhde seo na Gaeilge, áfach, is dócha go síleann siad go bhfuil siad thar a bheith cliste agus iad ag cur ciníochais i leith na nGaeilgeoirí. Go tipiciúil áfach ní bhíonn siad féin rófháilteach roimh an muintir isteach, agus is minic a chloisfeá scéalta uathu faoi na ‘sluaite síoraí’ atá ag teacht ó na tíortha tearcfhorbartha. Ach má theastaíonn dartáin uathu le caitheamh leis an nGaeilge, tiocfaidh na líomhaintí faoi chiníochas isteach áisiúil. Gnáthlíomhain é go bhfuiltear ag cur na bpáistí sna Gaelscoileanna leis an teagmháil le clann na n-inimirceach a sheachaint. Ar ndóigh déantar talamh slán de nach gcuirfeadh inimircigh a gcuid páistí i nGaelscoileanna.

Cuid is ea iad na líomhaintí seo den fheachtas atá idir lámhaibh ag na daoine seo le lipéad an ‘scothaicmeachais’ a ghreamú de na Gaeilgeoirí, cé nach stopann an feachtas seo iad ó bheith ag tabhairt ”teanga an bhochtanais” ar an nGaeilge. Dealraíonn sé nach bhfuil siad féin meabhrach ar chomh hamaideach is a bhreathnaíos a leithéid. Le fírinne cuireann siad i gcuimhne dom lucht an chiníochais i mo thír féin, ar féidir leo a rá, in aon doiciméad amháin, go mba chóir an mhuintir isteach a chomhshamhlú le cultúr na tíre agus a gcultúr féin a bhaint díobh le lámh láidir – agus go mba chóir geiteonna dá gcuid féin a bheith acu, le go bhféadfaidís a gcultúr féin a chleachtadh ansin! Is léir nach bhfuil na daoine seo ach ag caitheamh pé dartán atá in aice láimhe, agus spréadh ar an loighic.

De réir chosúlachta ní féidir leis na daoine sin a shamhlú, fiú, go gcuirfeadh Afracánach nó Muslamach suim sa Ghaeilge. Síleann na frith-Ghaeilgeoirí – díreach in aithris ar shean-uasalaicme Shasana – nach bhfuil fiosracht intleachtúil ach ag daoine geala. Ní thuigtear dóibh gur daoine daonna ar aon leibhéal leo féin iad na daoine dorcha nó gorma, agus thairis sin, níl siad féin in ann a gcomhionannú a dhéanamh le haon duine a bheadh fiosrach i leith na Gaeilge, ós rud é go bhfuil siad féin ar nós cuma liom faoin teanga. Mar sin, má chastar duine de phór na hAfraice le Gaeilge líofa orthu, déanfaidh siad dearmad den teagmháil sin ar an toirt, nó ní cheadaíonn a gcuid réamhbhreithiúnaisí go mbeadh a leithéid de dhuine ann ar aon nós.

Aon duine ar maith leis tuiscint chiallmhar – tuiscint eolaíochtúil, ba mhaith liom a rá – a fháil ar stádas na Gaeilge i sochaí na hÉireann, ní mór dó glacadh leis go bhfuil daoine de chúlra neamh-Eorpach ag staidéar na teanga inniu, go bhfuil cuid acu tar éis í a thógáil go paiteanta.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook