Timo Soini agus a aisling bhriste na hÉireann
2018-06-15 11:01:02 -
Opinion
0
5388
By Panu Höglund

An páirtí a bhfuil páirt na heite deise antoiscí á déanamh aige in amharclann polaitíochta na Fionlainne — is é sin Páirtí na Fhionlannach — ba é Timo Soini a bhunaigh é i dtús na nóchaidí. 

Ní raibh ann san am ach fear óg seang a bhí díreach tar éis tráchtas céime a scríobh san eolaíocht pholaitiúil faoi Veikko Vennamo, pobalóir agus tuathghríosóir mór ár dtíre a bhí ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas san am sin. 

Faoi mheáchan na freagrachta rialtais áfach thit an Páirtí na Fhionlannach as a chéile faoina thóin leathan, agus an fear tar éis dul chun murtaill go mór mór idir an dá linn. Tá sé ina aire gnóthaí eachtracha i gcónaí, ach is deacair a rá an bhfuil sé in ann mórán aird a thabhairt ar na gnóthaí eachtracha – ná ar aon chineál gnóthaí stáit – a thuilleadh.

Sna laethanta a bhí, bhí de chlú ar Soini gur cara mór d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann a bhí ann. Ar cuairt in Éirinn dó rith leis eaglais (ró-liobrálach) Liútarach na Fionlainne a thréigean agus dul le Caitliceachas, creideamh nach bhfuil mórán gnaoi ag na Fionlannaigh air agus a ndearctar air mar chreideamh iasachta – tá eaglais Ortadocsach na Rúise féin níos láidre i measc mhuintir dhúchasach na tíre. 

Go bunúsach, thug Soini taitneamh d’Éirinn, ó bhí sé barúlach gur náisiúnaithe agus Caitlicigh dhílse a bhí inti, agus gné de seo ab ea é nach raibh an ginmhilleadh ceadaithe ansin. Ar ndóigh tá srianta leis san Fionlainn féin: i ndiaidh an chéad trí sheachtaine toirchis ní féidir ginmhilleadh a dhéanamh gan dianchoinníollacha míochaine nó sóisialta a chomhlíonadh. Sin é an dlí a chuaigh i bhfeidhm beagnach leathchéad bliain ó shin agus nach bhfuarthas riachtanach a athrú.

Más cara d’Éirinn a bhí i Soini, ní raibh sa chairdeas sin ach grá a thug sé d’Éirinn mar choimeádach. Cosúil leis na coimeádaigh Mheiriceánacha a tháinig go hÉirinn le háitiú ar mhuintir na tíre gan vóta ‘Tá’ a chaitheamh, ní raibh Soini in ann útóipe gan ghinmhilleadh a bhunú sa bhaile, agus mar sin, ní raibh sé ábalta ach a bheith ag iarraidh an útóipe sin a choinneáil beo in Éirinn. 

Nuair a vótáil beirt as gach triúr ‘Tá’, tháinig deireadh leis an ngrá sin, agus lig Soini a racht ar mhuintir na hÉireann ina bhlag féin, toisc nach raibh siad sásta bheith ina searbhóntaí aigesean. 

Chuaigh Soini an oiread sin thar fóir is go bhfuair airí eile de chuid an chomhrialtais riachtanach a rá go poiblí nárbh é tuairim an aire gnóthaí Eachtracha polasaí an rialtais.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook