Ilja Janitskin os comhair an dlí
2018-07-01 14:04:52 -
Opinion
0
4721
Photo source: Mlang.Finn/Wikimedia

By Panu Höglund

Ní raibh ann san am ach feaIs ainm é Ilja Janitskin is minic a chuala muintir na Fionlainne le cúpla bliain anuas, agus ní féidir a rá go mbeadh dea-chlú ag dul leis an ainm sin. 

Iar-imreoir haca oighir ó oirthear na Fionlainne a bhí ann ar dtús, mar Janitskin, ach níor éirigh an saol go rómhaith leis ina dhiaidh sin. Chaith sé seal ina oibrí slándála i Miami, ach is dócha nach raibh an jab sin oiriúnach dó, agus thug sé aghaidh ar an bhFionlainn arís. Nuair a d’fhill sé abhaile ón Oileán Úr, chuaigh sé sna Bandidos, is é sin, club gluaisrothaithe a bhfuil meas na coiriúlachta air. 

Ciontaíodh i dtromionsaí cúpla uair é, ach dealraíonn sé nár daoradh chun príosúnachta é, ó d’imigh sé as an bhFionlainn arís le cur faoi i mBarcelona. Ina dhiaidh sin a tharraing sé an chuid is mó den mhíchlú air féin. Nó is ansin a chuaigh sé le ‘hiriseoireacht’. Roimhe sin féin bhí Janitskin tar éis gnó na foilsitheoireachta a thriail, in éineacht le fear óg eile (nach bhfuil chomh hóg sin inniu, a thuilleadh) darbh ainm Jussi Ahde. 

Mac leis an seanpholaiteoir measúil Sóisialach Daonlathach Matti Ahde ab ea Ahde, ach is dócha go raibh sé ag imeacht le haer an tsaoil le fada, nó is é an rud ba mhó a thabhaigh clú dósan ná ‘físeán an chocaoin’. Mar sin féin bhí sé in ann iris mhaisithe a bhunú in éineacht le Janitskin, ach má bhí, thit an tóin as an ngnó i ndiaidh an chéad eagrán. Go bunúsach, ní raibh ann ach liarlóg eile faoi shaol na ndaoine cáiliúla.

An iris a bhunaigh Janitskin sa Spáinn, scéal eile ar fad a bhí ann. Iris nó portal Idirlín a bhí ann agus é ag foilsiú scéalta ‘nuachta’ ansin. Ar dtús bhíodh sé ag tarraingt ar na fíornuachtáin agus ar na meáin príomhshrutha eile ar lorg an ábhair, cé go raibh sé ag áitiú ar na léitheoirí go raibh sé ag sceitheadh eolais nach raibh ar fáil sna gnáthmheáin. Is é an t-ainm a bhaist mo dhuine ar an iris Idirlín s’aige ná Mitä vittua?, frása Fionlainnise a chiallaíos ‘Cén f***?’. De réir a chéile chuaigh an iris le ciníochas mar pholasaí eagarthóireachta – iasachta ón Meán-Iarthar nó ón Afraic ”ag éigniú ár gcuid cailíní” cnámh droma na hirise.

Gné eile den ‘iriseoireacht’ a chleacht Ilja Janitskin ná sluaite linseála Idirlín a shaighdeadh faoi dhaoine nach raibh sásta le polasaithe eagarthóireachta na hirise. Chuaigh an cineál seo imeaglú chomh mór thar fóir, áfach, is go ndearna na daoine a bhí thíos leis gearán faoi mo dhuine leis na póilíní. I mí an Aibreáin dhearfaigh póilíní na Fionlainne go raibh Janitskin sa tír agus go raibh sé leis an dlí a sheasamh. B’fhada an liosta coireanna a cuireadh ina leith: sárú an chóipchirt chomh maith leis an imeaglú agus leis an gclúmhilleadh a dhírigh Mitä vittua? ar dhaoine éagsúla.

Duine de na daoine is mó a bhí thíos le feachtais chlúmhillte Janitskin is ea an t-iriseoir mná nach dtugaim ach ‘J’ uirthi anseo. Cúpla bliain ó shin rinne sí tuairisciú do raidió agus teilifís na Fionlainne faoi na hionsaithe idirlín a bhíos idir lámhaibh ag gníomhaithe atá báúil le polasaithe Vladimir Putin agus leis an náisiúnachas Rúiseach. Ba é ba thoradh dó seo gur chrom Mitä vittua? ar fheachtas millteanach clúmhillteoireachta ina haghaidh, rud a tharraing súil na meán go léir ar an dóigh a mbíonn lucht ciníochais agus daoine atá, mar dhea, ‘báúil leis an Rúis’ ag ionsaí daoine a bhfuil próifíl láidir frith-chiníochais nó fhrith-Rúiseach acu. Anois, tá cás ‘J’ á phlé mar chuid den phróis dlí in aghaidh Janitskin.

Tá príosúnacht ag dul do Janitskin as a bhfuil déanta aige, de réir chosúlachta, ach dealraíonn sé go bhfuil an chuid is mó den am curtha isteach aige cheana féin agus é faoi choinneáil roimh an triail. Mar sin féin is ócáid chinniúnach é a phróis dlí: tá sé taispeánta do mhuintir na Fionlainne anois go bhfuil an bholscaireacht ón Rúis agus an ciníochas eagraithe fite fuaite le chéile.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.
TAGS :
Other Opinion News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook