An Outside View/Léargas Taobh Amuig
2018-04-15 13:49:21 -
Column
0
8400

 

 

 

Radacaigh náisiúnaíocha na Fionlainne ag dul leis an Rúis le fada

 

Panu Höglund

 

Chomh fada siar leis an mbliain 2002 tháinig an chéad tuiscint agam go raibh an Rúis ag tabhairt tacaíochta d’eite dheis radacach na Fionlainne.

San am sin níorbh iad lucht iarrtha an tearmainn ba mhó a bhí ag déanamh scime do na radacaigh náisiúnaíocha inár dtír, ach an tSualainnis, nó stádas na Sualainnise mar theanga chomhoifigiúil. Níorbh fhéidir leo, áfach, troid a chur ar thionchar na Sualainne ar an bhFionlainn gan dul i dtuilleamaí an chomharsan eile.

 

Mar sin, chuaigh móitifeanna ó bholscaireacht na náisiúnaithe Rúiseacha in úsáid ag na radacaigh seo san Fhionlainn. Dúirt duine acu liom thiar ansin ”nár ionsaigh an Rúis an Fhionlainn riamh”. Sin rud nach gcloisfeá ó aon náisiúnaí Fionlannach nuair a bhí mé óg.

 

Faoi chasadh na mílaoise, áfach, d’áitíodh na náisiúnaithe sa Rúis nár chóir an Rúis a chomhionannú leis an Aontas Sóivéadach. Nó is é an tuiscint a bhí acu ar an scéal gur stát frith-Rúiseach a bhí san Aontas Sóivéadach, stát a bhí bunaithe ar smaointeoireacht iartharach an chumannachais, agus gur Giúdaigh a bhí i gceannas ar an Aontas Sóivéadach; ar ndóigh tá náisiúnachas na Rúise ar maos le frith-Ghiúdachas.

 

Má dúirt duine de na náisiúnaithe Fionlannacha sa bhliain 2002 nárbh í an Rúis a d’ionsaigh an Fhionlainn sa bhliain 1939, b’ionann sin is a rá nár dhearc seisean ar an Aontas Sóivéadach mar stát Rúiseach – ach oiread leis na náisiúnaithe Rúiseacha. Mar sin, bhí tionchar intleachtúil á imirt ag an Rúis ar na náisiúnaithe Fionlannacha, rud nach mbeifeá ag súil leis san am sin go fóill.

 

Nuair a bhí mé chomh dána is an fhírinne seo a scaoileadh le lucht mo léite thiar sa bhliain 2007, agus mé i mo bhlagálaí íoctha ar an bportal meán cumarsáide úd Plaza.fi, chuaigh radacaigh na heite deise chun cogaidh orm, agus iad ag caitheamh anuas orm agus ag déanamh a ndichill an sac a bhaint amach dom, rud a d’éirigh leo sa deireadh.

 

Inniu, áfach, tá an scéal céanna ar fud na háite, agus níos mó ná aon pholaiteoir amháin de chuid na iar-pháirtí bhFíor-Fhionlannach (páirtí na heite deise antoscaí) sásta a chur in iúl go bhfuil luiteamas aige leis an Rúis agus le polasaithe Putin. Ba é an Cathaoirleach Jussi Halla-aho ba thúisce a d’fhógair, i ndiaidh an ionsaí nimhe a rinneadh ar an iar-spiaire Sergey Skripal agus a iníon, nár chóir an iarracht dúnmharaithe seo a chur i leith na Rúise go ró-éadromchroíoch.

I ndiaidh an uchtaigh seo, labhair beirt fheisirí de chuid an pháirtí – Tom Packalén agus Juho Eerola – leis na meáin agus an teachtaireacht chéanna á reic acu, iad ag cosaint na Rúise, ag séanadh ciontacht na Rúise san ionsaí nimhe agus ag cáineadh na smachtbhannaí trádála in aghaidh na Rúise. Chuir Eerola, fiú, cás na Crimé i gcomparáid le cás na Cairéile – an chúige Fhionlannaigh a thit leis an Aontas Sóivéadach de thoradh an Dara Cogadh Domhanda. ”Chaill muid an Chairéil, ach bhí trádáil mhaith againn leis na Rúisigh i ndiaidh an chogaidh”, arsa Eerola.

Sa deireadh fuair Halla-aho riachtanach maolú ar an mbá seo leis an Rúis le tréadlitir chuig feisirí an pháirtí, ach bhí an mordadh déanta, agus an scéal ar fud na meán: ba é an fonn a bhí acu ná gur lean an páirti réamhshampla na bpáirtithe cosúla eile san Eoraip agus iad ag dul leis an Rúis le fada.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS : Fionlainne Rúis
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook