Na Cumannaigh agus Paavo Väyrynen i bpolaitíocht na Fionlainne: grá leatrom?
2018-03-01 16:10:00 -
Column
0
24076


Léargas Taobh Amuig - Panu Höglund

Nuair a bhí an tAontas Sóivéadach i mbarr a chumhachta, bhí Páirtí Cumannach na Fionlainne ar ceann de na páirtithe Cumannacha ba mhó san Eoraip ina mbeifeá i do bhall de do dheoin féin. Thairis sin bhí sé ar an dara páirtí cumannach ba shine sa domhan go léir. San am sin shílfeá go raibh fréamha dostoite ag an idé-eolaíocht dhearg in ithir na Fionlainne. Ansin, áfach, thit an tóin as an bpáirtí nuair a tháinig deireadh leis an gcóras Sóivéadach, agus bhunaigh lucht na heite clé páirtí nua nach raibh baint aige leis an gCumannachas a thuilleadh: Comhaontas na hEite Clé.

 

Ina dhiaidh sin féin mhair dornán de chumannaigh ag cloí leis an seanchreideamh. Agus nuair a d’éirigh leis an radacachas eite deise na sluaite móra a mhealladh chuige leis an bhfrith-Ioslamachas, thosaigh daoine óga ag tarraingt ar an bpáirtí, ó bhí siad ag déanamh go gcaithfeá cur in aghaidh an fhaisisteachais, ag dul i neart arís mar a bhí sé, agus chreid siad go raibh dintiúirí frith-fhaisisteacha gan locht ag na cumannaigh.

 

Le linn thoghcháin an Uachtaráin san Fhionlainn, áfach, thug cuid mhaith de Chumannaigh na Fionlainne tacaíocht do Paavo Väyrynen. Sílim go bhfuil alt nó dhó scríofa agam faoi Väyrynen roimhe seo, agus go n-aithníonn mo chuid seanléitheoirí a ainm, ach mar sin féin ní miste dom cúpla focal a rá i dtaobh mo dhuine.

 

Go bunúsach, is é Paavo Väyrynen an zombaí is mó i bpolaitíocht na Fionlainne – an fear a rinne aiséirí i ndiaidh gach cath a briseadh air. Thosaigh sé ag polaiteoireacht sna seachtóidí, nuair a bhí leath na Fionlainne beo ar an trádáil leis na Sóivéadaigh, agus bhí Väyrynen go mór mór i bhfách leis an dlúthchaidreamh eacnamúil seo, rud a thabhaigh clú ó na cumannaigh féin dó sa linn.

 

Inniu tá Väyrynen ag iarraidh tús nua a dhéanamh arís eile. Tá sé ina chathaoirleach oinigh ar a sheanpháirtí, an Páirtí Láir, nó páirtí na bhfeirmeoirí, agus dá réir sin tá tionchar nach beag aige ar sheanbhallra an pháirtí. Fuairriachtanach, áfach, a pháirtí féin a bhunú, mar atá, Páirtí na Saoránach. Is barrúil an drong iad lucht tacaíochta an pháirtí: teoiriceoirí comhcheilge, frith-Ioslamaigh, frith-ghiúdaigh agus inimircigh ón Rúis nár éirigh leo fódú ceart a dhéanamh i sochaí na Fionlainne agus a chuaigh le náisiúnachas seoibhineach Rúiseach – agus ar ndóigh sean-chumannaigh a bhfuil cumha orthu i ndiaidh na seachtóidí.

 

Níl na gníomhaithe óga sásta le chomh doirte is atá na seanóirí do Väyrynen, áfach. Fear acu, ball de Lárchoiste an Pháirtí darb ainm Sippo Kähmi, tharraing sé aird na meán air féin nuair a d’éirigh sé as ballraíocht an lárchoiste agus an pháirtí féin mar agóid in aghaidh na tacaíochta a thug na seanfhondúirí do Väyrynen. Mar a dúirt sé, is é an tuiscint atá ag cuid mhór de na seanchomrádaithe sa pháirtí ná gur ”buirgéiseach dea-thola” é Väyrynen atá dírithe ar an dea-chaidreamh idir an Fhionlainn agus an Rúis a choinneáil beo, agus mar sin, ní féidir leis na comrádaithe céanna glacadh leis go bhfuil an seanlaoch tar éis dul le Nua-Naitsíochas. Le fírinne, is é an sainmhíniú atá acu ar an bhfaisisteachas agus ar an Naitsíochas ná gurb ionann é agus a bheith in aghaidh na Rúise.

 

Mar sin, is deacair a rá, an bhfuil a dhath fágtha den Chumannachas, mar idé-eolaíocht, ach amháin bá uathoibríoch leis an Rúis. Is ionann a bheith i do Chumannach is gach dá ndéanann an Rúis a chosaint agus údair a thabhairt leis, agus sin a bhfuil de. Is féidir cúis an lucht oibre a dhíol ar sladmhargadh agus dul i gcomhghuaillíocht leis na nua-Naitsithe féin – is é an rud is tábhachtaí ná seasamh leis an Rúis. Agus is é an toradh nádúrtha dó seo gurb iad na gníomhaithe óga, cosúil le Kähmi, atá ag imeacht, agus an seanbhallra ag fanacht.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

 

__

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook