Amuig ‘Tá fuath ag an Rúis go léir ar Solzhenitsyn’ - an ea?
2018-02-01 16:50:00 -
Column
0
25235

Léargas Taobh - Panu Höglund


Ina measc siúd féin nach bhfuil mórán eolais acu ar litríocht na Rúise, is beag duine nach n-aithníonn Aleksandr Solzhenitsyn. 

 

Ba eisean a scríobh Aon Lá Amháin i Saol Ivan Denisovich, arbh é an chéad scéal riamh a tháinig i gcló in iris liteartha Shóivéadach, go hoscailte agus go dlíthiúil, a thug cur síos ar an saol i gcampaí géibhinn Stailín san Aontas Sóivéadach. Ina dhiaidh sin, d’éirigh idir é agus lucht na cumhachta agus díbríodh as a thír dhúchais é, ach ansin d’fhoilsigh sé Oileánra na gCampaí Géibhinn, an mórshaothar faoi stair na gcampaí céanna. 

 

Is iomaí duine san iarthar nach raibh sásta le forbairt a chuid scríbhneoireachta agus fealsúnachta ina dhiaidh sin, nó chuaigh sé le coimeádachas Críostaí, agus blas áirithe frith-ghiúdachais le haithint ar a chuid scríbhinní deireanacha. Mar sin féin ní féidir a shéanadh go raibh ról tábhachtach aige i nochtadh na gcoireanna Sóivéadacha in aghaidh an chine dhaonna.

 

Chuaigh an Rúis go mór mór i dtreo athbheochan an tSóivéadachais le déanaí, ós é tuairim an Uachtaráin Vladimir Putin gur tubaiste mhór, thar aon rud eile, ab ea deireadh an Aontais Sóivéadaigh. San am chéanna tá sé an-eicléictiúil i gcúrsaí idé-eolaíochta. Má chuireann an Eaglais Ortadocsach suas séadchomhartha nua ina ndilchuimhne siúd a fuair bás i bpurguithe móra Stailín, beidh Putin sásta óráid shollúnta a thabhairt leis an ócáid a cheiliúradh – a fhad is gur tionscnamh de chuid na hEaglaise atá i gceist. Má ritheann le haon duine taobh amuigh den Eaglais – le dream éigin de liobrálaigh atá báúil leis an Iarthar, cuir i gcás – cuimhne na bpríosúnach sna campaí géibhinn a chomóradh ar aon nós, beidh deacrachtaí acu leis na póilíní. 

 

Maidir leis na seirbhísí slándála sa Rúis, tugann siad urraim i gcónaí dóibh siúd a bhásaigh an Sár deireanach agus a mhuintir, agus is fear de chuid na seirbhísí slándála Putin féin – ní rithfeadh leis a leithéid a chosc ar a chuid sean-chomhoibrithe, cé go dtugann an Eaglais (a bhfuil Putin i gcomhghuaillíocht léi) urraim don tSár chéanna, mar naomh-mhairtíreach.

 

Cá bhfágann an t-eicléicteachas seo Solzhenitsyn? Le taobhshúil ar an dearcadh coimeádach a bhí ag an scríbhneoir ar chúrsaí polaitíochta na Rúise agus an domhain go léir i ndeireadh a shaoil, shílfeá go bhfuil sé an-oiriúnach mar réalt eolais don Rúis nua atá á tógáil ag Putin. Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuil an scéal chomh simplí sin. 

 

Tá cuid áirithe den mhionlach Rúiseach san Fhionlainn go mór faoi thionchar a ‘seantíre’, agus iad ag déanamh bolscaireachta ar mhaithe le Putin, ag tacú le hiarrthóirí radacacha eite deise i dtoghcháin na Fionlainne agus ag caitheamh anuas ar aon duine atá ‘in aghaidh na Rúise’ de réir a dtuairime féin.

 

Bhí cúpla focal comhrá agam le bean den dream seo – bean óg de réir dealraimh, más óg féin a bhí sí, nó ba léir ar a ceannaithe go raibh sí tar éis dul faoi scian an mháinlia a rinne iarracht an aois a bhaint dá haghaidh agus a bhain an chuid ba mhó den bheatha di san am chéanna. Nuair a luaigh mé Solzhenitsyn, tháinig fearg uirthi agus í ag áitiú go raibh ”fuath ag muintir na Rúise go léir ar Solzhenitsyn”, toisc go raibh ”bréaga” inste ag an scríbhneoir faoi Stailín. Is é an dearcadh a bhí aici ná gur gnáthphríosúin a bhí sna campaí géibhinn, nár cuireadh chun báis ach coirpigh a raibh an pionós báis tuillte acu, agus go ndearna Stailín an Rúis mór arís.

 

D’fhág an méid sin i mo bhalbhán mé, ach i ndiaidh an iomláin ní díol iontais a bhí ann. An cineál náisiúnachais atá ag dul i bhfairsinge sa Rúis inniu, cuireann sé an-bhéim ar mhórgacht Stailín. Nuair a thit an tóin as an gcumannachas, is é ‘Cogadh Mór na Tíre Dúchais’, an cogadh a chuir an tAontas Sóivéadach ar an nGearmáin Naitsíoch, an t-aon chúis bhróid atá fágtha ag muintir na Rúise. Ba é Stailín a bhí i gceannas ar an tír le linn an chogaidh sin, agus mar sin, ní féidir le Rúisigh náisiúnaíocha an lae inniu glacadh leis gur deachtóir gan trua gan trócaire a bhí ann, ós rud é gur laoch tírghráúil thar a leithéidí eile a bhí ann.

 

Scéal aisteach áfach go bhfuil Rúisigh náisiúnaíocha cosúil leis an mbean a raibh mé ag caint léi – go bhfuil siad ag tacú go tréan leis na ciníochaithe agus na nua-fhaisistithe san Fhionlainn. Má deir siad go bhfuil siad, mar Rúisigh, ag troid an fhaisisteachais, shílfeá nach mbeidís sásta comhoibriú leo siúd atá ag iarraidh an faisisteachas céanna a athbheochan go hoscailte.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.



--
TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook