Nósanna na bhFíor-Fhionlannach ag dul chun leitheadúlachta
2018-01-15 16:15:01 -
Column
0
13743

 

Léargas Taobh Amuig - Panu Höglund


Táim i mo neamhdhuine ag na meáin chumarsáide Fionlainnise inniu, i ndiaidh na mblianta fada a chaith cománlaigh idirlín na heite deise antoiscí ag caitheamh anuas orm. 

 

Bhí mé i mo cholúnaí idirlín ag scríobh blagmhíreanna ar feadh seacht mblian, ach ansin d’éirigh leis an ngramaisc linseála an sac a bhaint amach dom ón bportal meán a raibh mé ag obair dó. Cé go bhfuairlitir mhaith mholta ón bportal sin, cúig bliana ó shin, níor éirigh liom jab nua blagála ná iriseoireachta a fháil sna meáin ina dhiaidh sin. An cac a caitheadh i mo threo ghreamaigh sé díom, agus sin a bhfuil de.

 

Ar na saolta seo áfach is deacair teacht ar iriseoir nár ionsaigh na n-iar Fíor-Fhionlannaigh nó antoiscigh Idirlín eile é. Agus dealraíonn sé nach bhfuil na feachtais seo ach ag dul chun coitiantachta agus chun olcais. Anois tá páirtithe polaitiúla eile tosaithe ag díriú feachtais chlúmhillte den chineál chéanna ar ghnáthdhaoine nach bhfuil siad ag aontú leo. Sin rud a d’fhoghlaim fear dífhostaithe amháin in Heilsincí timpeall ar an Lá Caille nuair a chuirsuas achainí idirlín ag bailiú ainmneacha in aghaidh acht áirithe atá díreach á reachtú leis na sochair dhífhostaíochta a laghdú.

 

Má shíníonn níos mó ná leathchéad míle de dhaoine a leithéid seo d’achainí, ní mór an t-acht a bhaint de leabhar na reacht agus a chur faoi bhráid na parlaiminte in athuair. Sin rud nár thaitin leis an bpáirtí polaitíochta is cumhachtaí sa chomhrialtas, is é sin, Kokoomus, nó páirtí coimeádach traidisiúnta na Fionlainne. 

 

Agus mar sin chrom an páirtí ar fhear tionscanta na hachainí a chlúmhilleadh, díreach mar ba ghnách do na Fíor-Fhionlannaigh roimhe seo. D’fhoilsigh nuachtán Idirlín an pháirtí scéala faoi mo dhuine ag áitiú go raibh cónaí air i gceantar galánta, agus thosaigh lucht na trollchogaíochta ag tromaíocht air sna meáin shóisialta.

 

Mar sin, is é an chosúlacht atá ar na cúrsaí go bhfuil na coimeádaigh thraidisiúnta ag déanamh aithrise ar phobalóirí na heite deise á n-ionsaí siúd nach n-aontaíonn lena gcuid polasaithe. Tá blas na hollsmachtúlachta air seo. Dá mbeadh an Fhionlainn ina sochaí normálta, bheadh na gnáthshaoránaigh ag lochtú na bpolaiteoirí agus na polaiteoirí sásta glacadh leis mar ghné dhosheachanta dá gceird. Inniu áfach is iad na polaiteoirí a bhíos ag ionsaí na ngnáthshaoránach nach n-aontaíonn leo. Agus sin rud nach samhlófá le stát daonlathach.


Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.


__

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook