Ceiliúradh greanntragóideach an chéad chúig scór bliain na Fionlainne
2017-12-15 16:00:00 -
Column
0
13752

 

Léargas Taobh Amuig - Panu Höglund

 

Shlánaigh an Fhionlainn, mar phoblacht neamhspleách, cúig scór bliain ar an 6 Nollaig 2017, agus ar ndóigh ba mhór an ócáid cheiliúrtha a bhí ann. Agus dream amháin a bhí ag comóradh an chéid ab ea na nua-Naitsithe.

 

Mar a tháinig chun solais fuair siad an-chuidiú agus an-tacaíocht ó na póilíní agus ó Ard-Mhéara Heilsincí, Jan Vapaavuori, agus iad ag máirseáil tríd an gcathair. De réir an luaidreáin a chuaigh tríd an Idirlíon – chomh hiontaofa is a bhíos siad – bhí póilíní ag glacadh páirte i máirseáil. 

 

Maidir leis an mhéara, chosain sé an mháirseáil ag áitiú ”go mba chóir cead máirseála a fhágáil acu siúd nach n-aontaímid leo”. 

 

Scéal eile áfach go raibh dlúthbhaint ag an bparáid leis an nGluaiseacht Nordach Frithbheartaíochta, dream Nua-Naitsíoch idirnáisiúnta a bhfuil clú agus cáil ar a ionsaithe foréigneacha ar pholaiteoirí agus ar ghníomhaithe polaitiúla nach n-aontaíonn sé leo.

 

Nuair a bhí an mháirseáil ar na bacáin, chuaigh muintir Töölö, an ceantar den chathair inar ghnách do na radacaigh fhaisisteacha dul ar paráid, le chéile le fleá amuigh faoin spéir a chóiriú do pháistí an cheantair. Ar ndóigh gné den fhleá ab ea é ná nach raibh siad sásta na stocairí faoi shainéide a fháiltiú chuig a mbólaí dúchais féin. Bhí an fhleá ceaptha leis na Naitsithe a stopadh ón gceantar a shealbhú ar lá an neamhspleáchais féin. 

 

Shílfeá go mbeadh tuiscint ag an Ard-Mhéara, polaiteoir eite deise, do chomh buartha is a bhí bunadh an cheantair. Ina dhiaidh sin féin ba é cinneadh an bhardais agus na bpóilíní go gcaithfeadh páistí an cheantair géilleadh do na Naitsithe nach raibh oiread is cónaí orthu sa cheantar.

 

Mar is dual don eite dheis antoisceach, ghlac lucht eagraithe na máirseála fearg fhíochmhar leis na meáin chumarsáide a bhí ag tabhairt máirseáil Fhaisisteach ar an máirseáil Fhaisisteach. Ní raibh i gceist acu ach máirseáil thírghráúil, a d’áitigh siad. 

 

Ceist eile áfach cén tír ar thug lucht na máirseála grá di, nó is é an cuspóir atá ag an nGluaiseacht Frithbheartaíochta ná mórstát comh-Lochlannach a bhunú in éineacht le faisistigh na dtíortha ‘Nordacha’ eile. Dá mbainfí an cuspóir sin amach, chuirfí deireadh le neamhspleáchas na Fionlainne – an rud féin a bhí á cheiliúradh.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund

 

_

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook