Léargas Taobh Amuig - Panu Höglund
2017-11-15 14:15:00 -
Column
0
13841

Panu Höglund

Sna blianta a bhí, b’ionann a bheith i do radacach eite deise san Fhionlainn agus fuath a bheith á thabhairt agat don Rúis, nó don Aontas Sóivéadach. Bhí polasaithe eachtracha ár dtíre báúil le Moscó, rud nár thaitin le cách, ach san am chéanna ba léir nach raibh seans ag aon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh sa pholaitíocht ach a dheachú a íoc leis an Aontas Sóivéadach. Iad siúd nach raibh in ann an béalchrábhadh sin a chleachtadh, b’éigean dóibh staonadh ón bpolaitíocht agus ón bpolaiteoireacht féin, agus ba dhual dóibh dul sna nua-Naitsithe nó i ngrúpaí cosúla ar imeall na sochaí.

 

Duine de na nua-Naitsithe is feiceálaí san Fhionlainn ó na hochtóidí anuas ab ea an fear nach dtuigim achan staraí fir uasail’ air sa choimhthéacs seo. Bhí cónaí air in Tampere, an chathair ar thabhaigh gluaiseacht an lucht oibre a clú di; mar sin, níorbh í an áit cheart don ghníomhaí nua-Naitsíoch go díreach í. 

 

Chaith sé tamall ag déanamh staidéir ar an stair in ollscoil na háite, ach níor bhainamach a chéim riamh, ó bhí lucht na dáimhe inbharúla go raibh a thráchtas ró-chlaonta in aghaidh na Rúiseach. Mar sin, ní dhearnadh staraí oilte de mo dhuine, ach ina dhiaidh sin, chuireadh sé spéis i gcúrsaí staire ar nós an fhir uasail den tseandéanamh a bhfuil fóillíocht thar a dhóthain aige. Níl mé cinnte an raibhriamh ró-uasal mar fhear, ach ar a laghad bhí fóillíocht aige, agus é ag caitheamh a shaoil ar an deolchaire.

 

An chuid ba mhó den am áfach bhíodh sé ag caitheamh anuas ar an Rúis, ar na Rúisigh agus ar na polaiteoirí go léir a raibh bá acu leis an Rúis, dar leis: is é sin, na polaiteoirí go léir. 

 

An stór focal a tharraingíodh sé chuige lena chuid tuairimí a chur in iúl bhí sé i bhfad ní ba mheasa ná aon rud a chloisfeá ó dhruncairí na sráide. Thabhaigh na geáitsí seo míchlú air ar fud na tíre, go háirithe nuair a thosaigh ré an idirlín.

 

Nó nuair a thosaigh, is éard a rinne sé ná blag i ndiaidh a chéile a chur ar an idirlíon faoi ainmneacha a chuid naimhde (nó aon duine a raibh meas an namhad aige air, rud ab ionann agus gach duine, beagnach) agus iad a líonadh le maslaí. Sa deireadh thabhaigh an feachtas millteanach seo téarma príosúnachta dó. Cé go bhfuil sé foráilte i ndlí coiriúil na Fionlainne príosúnacht dhá bhliain a ghearradh don duine a fhaightear ciontach i gclúmhilleadh, is dócha gurbh é an Staraí Fir Uasail an t-aon duine a fuair an pionós seo i ndáiríre sa tír seo. Ar ndóigh ba é a thuairim féin gurbh iad na Rúisigh agus na Cumannaigh a bhain an cead cainte de agus é ag fógairt gur mairtíreach tírghráúil a bhí ann.

 

Ar feadh i bhfad bhí an chuid ba mhó den eite dheis radacach inár dtír barúlach go raibh an staraí fir uasail ag déanamh dochair dá gcúis. De réir a chéile, áfach, rinne an faicsean ba mheasúla de na radacaigh eite deise a gcuid de chleasanna an staraí fir uasail, go háirithe na feachtais ghéarleanúna idirlín. Ar na saolta seo is gnách leis na hantoiscigh chiníocha ‘ealaíontóir pobail’ a thabhairt ar an staraí fir uasail, agus iad ag tuiscint go raibh sé ina cheannródaí agus ina réamhtheachtaire dá ngluaiseacht féin.

 

Mar is dual dá leithéidí bhí an staraí fir uasail ag moladh Hitler agus na sean-Naitsithe go hard na spéire freisin. Nuair a fuair sé cuireadh chuig an bparlaimint ón bhFeisire Fíor-Fhionlannach James Hirvisaari, tharraing sé súil na meán cumarsáide air féin leis an gcuirtéis Naitsíoch a rinne sé os comhair shúile an tsaoil mhóir gan trácht a dhéanamh ar cheamaraí na n-iriseoirí, agus leis an gcuirtéis sin chuir sé deireadh le gairmréim pholaitiúil Hirvisaari, nó nuair a tháinig an chéad olltoghchán eile thréig na vótóirí an fear bocht. 

 

Lena cheart a thabhairt don staraí fir uasail, áfach, ní raibh Hirvisaari féin mórán níos sibhialta ná eisean ag aithisiú daoine nach raibh sé ag aontú lena dtuairimí nó le dath a gclí.

 

Le déanaí áfach léirigh an staraí fir uasail go raibh sé in ann teacht aniar aduaidh orainn go fóill. Ar feadh i bhfad bhí an chuma ar an scéal nach stadfadh sé choíche óna chuid maslaí frith-Rúiseacha, cé go raibh an chuid eile den eite dheis radacach ag éirí ní ba bháúla le Putin in aghaidh an lae. Nuair a tharraing léirsiú Nua-Naitsíoch in Tampere callán áirithe sna meáin agus sna blaganna, chonacthas an staraí fir uasail ag cosaint na léirsitheoirí sna boscaí aisfhreagra, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt uaidh. Scéal suimiúil áfach iad na focail chinniúnacha seo a scríobh sé i dtús ceann dá chuid ráiteas den chineál seo: “Ní shéanaim báúlacht na léirsitheoirí leis an Rúis, ach…”

 

Sílim nach raibh mise ar an t-aon duine amháin a d’aithin sna focail seo go raibh deireadh ré ann. An eite dheis radacach den chineál ”thraidisiúnta” a bhí ann tráth, agus í ag tarraingt ar sheanfhaltanas iarchogaidh na bhFionlannaigh i dtaobh na Rúise, bhí sí imithe de dhroim an tsaoil. Anois, bhí an Staraí Fir Uasail féin ag tacú leis an Rúis, ós í an tír a dhéanas gnó na Vatacáine d’eaglais idirnáisiúnta an nua-Naitsíochais.

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

 

__

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook